Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Fógraíonn an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn cuairt ar Mheiriceá Laidineach

Dáta: Déa 26th Ean, 2017 | 15:26

Dhearbhaigh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn inniu go bhfuil glactha aige leis na cuirí ó Cheanna Stáit Pheiriú, na Colóime agus Chúba, tabhairt faoi chuairt ar thrí thír i Meiriceá Laidineach i mí Feabhra.

Beidh sé seo ar an gcéad chuairt oifigiúil ag Uachtarán na hÉireann in oifig chuig Peiriú, An Cholóim agus Cúba.

Rinne an tUachtarán an fógra nuair a d’oscail sé an taispeántas “The Irish in Latin America”, taispeántas a dhéanann ceiliúradh ar ról domhain fhir agus mhná na hÉireann i bhforbairt na bpoblachtaí nua-aoiseacha neamhspleácha Mheiriceá Laidinigh.  

Mar Phátrún ar Chumann Léinn Mheiriceá Laidinigh na hÉireann (SILAS), labhair an tUachtarán ar an scoláireacht dhomhain agus leathan atá ann maidir leis an gcaidreamh idir Éirinn agus Meiriceá Laidineach, agus béim á cur ar stair chomhroinnte an choilíneachais, an neamhspleáchais agus na gcogaí réabhlóideacha a tháinig ina dhiaidh sin.   

Tabharfaidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn Cuairt Oifigiúil ar Pheiriú, ar chuireadh ón Uachtarán Pedro Pablo Kuczynski, sula mbuailfidh sé le baill shinsearacha de Rialtas Pheiriú. Tabharfaidh an tUachtarán mór-aitheasc ar cheisteanna an dúchais agus ionchur Ruairí Mhic Easmainn i gcearta an duine i réigiún Putamayo i bPeiriú.  Chomh maith leis sin, tá sé curtha in iúl ag Uachtarán Pheiriú go mbeidh sé ag bronnadh an “Gran Collar” d’Ord na Gréine, an gradam is airde i bPeiriú, ar an Uachtarán Ó hUigínn.

 

Ar chuireadh ón Uachtarán Juan Manuel Santos tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar an gColóim le haghaidh cruinniú leis an Uachtarán Santos agus le plé a dhéanamh ar chúlra phróiseas na síochána sa Cholóim. Beidh cruinniú ag an Uachtarán Ó hUigínn le rannpháirtithe phróiseas na síochána, amhail ceardchumainn, ceannairí eaglasta agus ionadaithe íospartaigh na coimhlinte. Tabharfaidh an tUachtarán eochairaitheasc ar an tsíocháin, ar an athmhuintearas agus ar an gcuimhneamh eiticiúil.

 

Rachaidh an tUachtarán ansin go dtí Havana ar chuireadh ó Uachtarán Chúba, Raúl Castro.  Beidh an tUachtarán ag freastal ar Aonach Leabhar Idirnáisiúnta Havana, (Feria Internacional de los Libros), ceann de na haonaigh leabhar is mó ar domhan, a mbeidh Éire páirteach ann den chéad uair.

 

Beidh an tUachtarán i láthair , mar Aoi Oinigh, ag seoladh eagrán Chúba de ‘Star of the Sea’ leabhar leis an údar Éireannach Joseph O’Connor, i gcuideachta Aire Cultúir Chúba, an tUasal Abel Prieto.