Buaileann an tUachtarán Michael D Higgins le hUachtarán agus le Príomh-Aire na hAetóipe
Dáta: Sat 1st Sam, 2014 | 12:40
In Addis Ababa inniu, bhí cruinnithe déthaobhacha ag an Uachtarán Michael D Higgins leis an Uachtarán Mulatu Teshome agus leis an bPríomh-Aire Hailemariam Desalegn araon.
Ag labhairt dó tar éis na gcruinnithe, dúirt an tUachtarán President Higgins:
“Tá sé fiche bliain ó bunaíodh caidreamh taidhleoireachta idir Éire agus an Aetóip, agus tá cumas níos mó ann caidreamh cómhalartach níos doimhne agus níos torthúla a fhorbairt amach anseo, go háirithe i réimsí na talmhaíochta, na nuálaíochta agus na forbartha eacnamaíochta.
Tá tionchar na hAfraice sa domhan ag dul i méid, agus tá ról ceannaireachta tábhachtach ag an Aetóip sa chlaochlú sin.”
Le linn an dá chruinniú, chuir an tUachtarán Higgins béim ar an ról tábhachtach atá ag Éirinn mar chomhéascaitheoir leis an gCéinia i bhforbairt Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na NA iar-2015. I measc na ndúshlán a pléadh sa chomhthéacs sin bhí an t-athrú aeráide, acmhainn thábhachtach an uisce, an inbuanaitheacht, an tslándáil bia, an t-uirbiú, an fhorbairt tuaithe agus cruthú jabanna.
Bhí cuid mhaith den mhalartú tuairimíochta cairdiúil dírithe ar cheisteanna réigiúnacha, an staid sa tSúdáin Theas agus sa tSomáil san áireamh, agus ról an phobail idirnáisiúnta i réiteach na gcoimhlintí sin. Léirigh an tUachtarán a mheas ar fháiltiú fial na hAetóipe roimh theifigh ó na ceantair sin trína beartas teorainneacha oscailte. Beidh an tUachtarán ag taistil siar ó Addis Ababa amárach chuig Gambella, áit a mbuailfidh sé le teifigh ón tSúdáin Theas agus le ENRanna atá ag obair sna campaí.
Chuir an tUachtarán fáilte roimh fhreagra na hAetóipe ar ghéarchéim an Ebola, soláthar 1800 oibrí deonach ar an talamh agus a ceannaireacht san iarracht fhóirithinte Phan-Afracach.
Sna cainteanna fairsinge, bhí plé leathan oscailte, freisin, faoi chearta an duine sa chomhthéacs leathan Afracach; ina measc bhí an méadú i líon na rialtas ar an ilchríoch a toghadh go daonlathach agus a raibh fáilte rompu, agus dúshláin leanúnacha an chomhionannais inscne, saoirse tuairimíochta agus an gá le troid in aghaidh gach cineál éadulaingte.
Inniu shínigh an tAire Stáit Forbraíochta, Trádála agus Comhar Thuaidh Theas an tUasal Seán Sherlock TD trí chomhaontú dhéthaobhacha idir Éire agus an Aetóip: Cánachas Dúbailte, Comhoibriú Déthaobhach agus Iompar.