Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Déanann an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn comóradh ar chothrom lae 50 bliain Bhuamáil Átha Cliath agus Mhuineacháin

Dáta: hAo 17th Bea, 2024 | 11:07

Inniu, déanfaidh Uachtarán na hÉireann, an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn comóradh ar chothrom lae na n-ionsaithe buamála ar Bhaile Átha Cliath agus ar Bhaile Mhuineacháin, a tharla 50 bliain ó shin ar an 17 Bealtaine 1974, ag searmanais éagsúla i mBaile Átha Cliath agus i Muineacháin, arna eagrú ag ‘Justice for the Forgotten’.

Buailfidh an tUachtarán le marthanóirí agus le daoine muinteartha na n-íospartach a maraíodh i mBaile Átha Cliath agus i Muineacháin, chomh maith le teaghlaigh ar cailleadh gaolta leo in ionsaithe eile. 

Reáchtálfar searmanas Bhaile Átha Cliath ar 12:30 ag an leacht cuimhneacháin ar Shráid Thalbóid. 

Tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn óráid ag an imeacht, agus leagfaidh sé bláthfhleasc thar ceann mhuintir na hÉireann. 

Beidh imeacht Mhuineacháin ar siúl ar 6:45in ag leac chuimhneacháin na n-íospartach i gCearnóg na hEaglaise i mBaile Mhuineacháin, áit a leagfaidh an tUachtarán bláthfhleasc eile arís ar son mhuintir na hÉireann. 

Ba iad na hionsaithe buamála ar Bhaile Átha Cliath agus ar Mhuineacháin is cúis leis an gcailliúint bheatha ba mhó le linn na dTrioblóidí. Maraíodh 34 duine, leanbh sa bhroinn ina measc, agus gortaíodh níos mó ná 300 duine. 

Buailfidh an tUachtarán Ó hUigínn le marthanóirí agus le daoine muinteartha na n-íospartach i mBaile Átha Cliath agus i Muineacháin. Chomh maith leis na daoine a gortaíodh agus a maraíodh ar 17 Bealtaine 1974, buailfidh an tUachtarán le teaghlaigh na ndaoine a maraíodh in ionsaithe buamála ar Bhaile Átha Cliath i 1972 agus 1973, buamáil Bhéal Tairbirt i 1972, sléacht an Miami Showband 1975, buamáil Dhún Dealgan i 1974, buamáil Bhaile na Lorgan i 1976, agus an t-ionsaí ar theach tábhairne Widow Scallan i 1994.