Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Ó hUigínn le dul faoi ghnáthamh leighis roghnach

Dáta: hAo 7th Iúi, 2023 | 18:14

Dé Máirt seo chugainn, 11 Iúil, rachaidh Uachtarán na hÉireann, an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn faoi ghnáthamh leighis roghnach ar mhaith le pian droma a mhaolú. Tar éis an ghnáthaimh, leanfaidh an tUachtarán ar aghaidh lena dhualgais bhunreachtúla, cíoradh reachtaíochta san áireamh, ó Áras an Uachtaráin agus óna bhaile i nGaillimh. 

Bhí an gnáthamh seo a rachaidh an tUachtarán faoi beartaithe le fada, roimh sceideal lán fómhair, coinní thar sála san áireamh, agus tar éis comhlíonadh clár substaintiúil sa chéad leath den bhliain. 

Táthar ag súil le go dtabharfaidh an tUachtarán faoi líon beag coinne poiblí thar sheachtainí deiridh an tsamhraidh, fad agus a bheidh sé i mbun clár athshlánaithe. Le linn an ama seo beidh óráidí á n-ullmhú aige do na coinní fómhair, agus leanfaidh sé leis ag comhlíonadh a dhualgas bunreachtúil.