An tUachtarán Ó hUigínn le freastal ar imeachtaí Lá Cuimhneacháin Idirnáisiúnta an Uileloiscthe i mBaile Átha Cliath agus sa Pho
Dáta: Déa 23rd Ean, 2020 | 10:48
Dé Domhnaigh an 26 Eanáir, tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn an príomhaitheasc ar Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe i mBaile Átha Cliath, arna eagrú ag Iontaobhas Oideachais an Uileloiscthe in Éirinn, i dTeach an Ard-Mhéara.
Ina aitheasc, tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn aitheantas do na daoine sin a tháinig slán as an Uileloscadh agus don obair atá déanta acu chun fianaise a tabhairt den dhúnmharú a rinne na Naitsithe ar sé mhilliún fear, bean agus páiste Giúdach agus ar na milliúin eile a ndearnadh géarleanúint orthu mar gheall ar a n-eitneacht, a míchumas, a ngnéaschlaonadh, a gcleamhnú polaitíochta nó a gcreideamh reiligiúnach.
Níos deireanaí an lá sin, tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn a aghaidh ar an bPolainn, áit a mbeidh sé i dteannta Ceanna Stáit eile in Auschwitz Dé Luain 27 Eanáir chun freastal ar shaoradh champa géibhinn Auschwitz-Birkenau 75 bliain ó shin.
Tarraingeoidh rannpháirtíocht an Uachtaráin san imeacht aird ar an tábhacht a bhaineann le gach iarracht a chinntíonn nach ndéanfar dearmad go deo ar uafás an Uileloiscthe, agus is deis a bheidh ann ómós a thabhairt dóibh siúd a tháinig slán as.
Tá sé 75 bliain ó shin i mbliana ó saoradh campa géibhinn agus díothaithe na Naitsithe inar dúnmharaíodh níos mó ná 1.1 milliún duine – agus ba Ghiúdaigh a bhí in aon mhilliún díobh.
Déantar comóradh, chomh maith, sa bhliain 2020 ar dhá eachtra bhainteacha eile: glacadh le Dearbhú Stócólm 20 bliain ó shin, as a d’eascair Comhghuaillíocht Idirnáisiúnta Chuimhneacháin an Uileloiscthe, agus glacadh Chomhthionól Ginearálta na NA leis an 27 Eanáir mar Lá Idirnáisiúnta Cuimhneacháin an Uileloiscthe 15 bliain ó shin.
Mar chuid dá chlár imeachtaí in Kraków, beidh cuairt á tabhairt ag an Uachtarán ar cheartlár stairiúil na nGiúdach sa chathair agus ar an ngeiteo a bunaíodh in 1941.