Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Ó hUigínn le haitheasc a thabhairt don Eagraíocht Idirnáis

Dáta: Dom 3rd Mei, 2018 | 12:00


Tá glactha ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn le cuireadh chun freastal ar an 107ú seisiún den Chomhdháil Idirnáisiúnta Saothair ag an gCruinniú Mullaigh “Saol an tSaothair” de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (ILO) sna Náisiúin Aontaithe sa Ghinéiv Déardaoin, 7 Meitheamh 2018.


Tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn príomhaitheasc i gceanncheathrú Eorpach na Náisiún Aontaithe sa Ghinéiv.  

I dteannta Uachtarán Phoblacht na hAfraice Láir, A Shoilse, an tUasal Touadera, glacfaidh an tUachtarán Ó hUigínn páirt i bPlé Painéil Ardleibhéil ag an gCruinniú Mullaigh “Domhan an tSaothair” i Halla Tionóil Palais des Nations. 

I ndiaidh aitheasc an Uachtaráin, tionólfar sraith cruinnithe ardleibhéil le hionadaithe an ILO agus freisin leis an Uasal Zeid Ra'ad Al Hussein, Ard-Choimisinéir um Chearta an Duine de chuid an NA, agus leis an Uasal Peter Maurer, Uachtarán Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge. 

Dé hAoine 8 Meitheamh, rachaidh an tUachtarán Ó hUigínn chuig Zurich chun cuairt a thabhairt ar Fhondúireacht James Joyce, agus a ómós a chur in iúl ag uaigh an scríbhneora i Reilig Fluntern. Sa tráthnóna, buailfidh an tUachtarán Ó hUigínn leis an bpobal Éireannach atá ina gcónaí in Zurich.