An tUachtarán Ó hUigínn chun aitheasc a thabhairt ag Cruinniú Mullaigh na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (ILO) faoi COVID-1
Dáta: Lua 6th Iúi, 2020 | 16:18
Ar an 8 Iúil, glacfaidh an tUachtarán Ó hUigínn páirt i gCruinniú Mullaigh an ILO faoi ‘COVID-19 agus Saol an tSaothair’.
Tabharfaidh an tUachtarán a aitheasc don chruinniú mullaigh le linn Lá na gCeannairí Domhanda, ina mbeidh aithisc á dtabhairt ó Cheanna Stáit agus ó cheannairí mór le rá ó shaol na bhfostóirí agus na gceardchumann.
Tugann an Cruinniú Mullaigh le chéile ionadaithe rialtais, na bhfostóirí agus na n-oibrithe chun machnamh a dhéanamh ar thionchar eacnamaíochta agus sóisialta phaindéim Covid-19 agus dúshláin na dtíortha sin atá ag troid in aghaidh na paindéime a phlé.
Ina aitheasc labhróidh an tUachtarán Ó hUigínn faoi iarmhairtí na míchothromaíochtaí eacnamaíochta agus sóisialta atá nochta ag an bpaindéim, agus tabharfaidh sé achoimre ar na deiseanna nua chun paraidím úrnua a chur chun cinn le beartas a chónascann beartas sóisialta, an eacnamaíocht agus an éiceolaíocht.
Chomh maith leis sin, iarrfaidh an tUachtarán ar an ILO a bheith ina ngníomhaithe i gcosaint cheart na n-oibrithe leochaileacha, agus béim a chur ar chomhthéacs eiticiúil na hoibre mar ghníomhaíocht dhaonna a thugann sásamh.