Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Pardún ón uachtarán síníthe ag an Uachtarán Uí Uigínn don Uasal Sylvester Poff agus don Uasal James Barnett

Dáta: Céa 30th Dei, 2024 | 16:01

Cuireadh an bheirt fhear chun báis i mí Eanáir 1883 tar éis dóibh a bheith ciontaithe go héagórach i ndúnmharú an Uasail Thomas Browne

Fágann an cás seo gur bronnadh cúig phardún iarbháis go dtí seo
Shínigh an tUachtarán Michael D. Ó hUiginn dhá Phardún ón Uachtarán tráthnóna in Áras an Uachtaráin don Uasal Sylvester Poff agus don Uasal James Barrett, beirt a cuireadh chun báis i bPríosún Thrá Lí ar an 23 Eanáir 1883.

I gcomhréir le hAirteagail 13.6 agus 13.9 den Bhunreacht, tugadh na pardúin ar mholadh ón Rialtas. Cuireadh san áireamh sa mholadh tuarascáil ón Dr Niamh Howlin, Ollamh Comhlach i Scoil Dlí Sutherland, Ollscoil na hÉireann, tuarascáil inar fuarthas amach go raibh easnaimh ó thaobh an dlí agus nósanna imeachta de ag baint le trialacha agus le ciontú Poff agus Barrett a bhí ‘i neamhréir chomh mór sin le caighdeáin dlí na tréimhse agus a bhí chomh míshásúil agus éagórach sin go hoibiachtúil, go bhfágann siad nach raibh an ciontú slán'.

Bhí an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, i láthair ag searmanas an lae inniu. Bhí gaolta le Sylvester Poff (38 bliain d’aois, agus le James Barrett, 24 bliain d’aois, nuair a cuireadh chun báis iad) i láthair freisin, lena n-áirítear garmhac an Uasail Poff, Tomo Burke, chomh maith le hionadaithe ó Ghrúpa Oidhreachta Cheantar Oileán Ciarraí, grúpa atá lonnaithe i gCiarraí agus a rinne feasacht a mhúscailt maidir leis an gcás agus a d'oibrigh leis an Roinn Dlí agus Cirt i ndáil leis an bpróiseas maidir leis an bpardún.

Dúirt an tUachtarán Uí Uigínn:

“Bhí cás Sylvester Poff agus James Barrett ina ábhar imní le fada do mhuintir Chiarraí. Mar a fuarthas sa tuarascáil ón Dr Niamh Howlin, chreid muintir na háite go láidir nach raibh Poff agus Barrett ciontach, roimh a cuireadh chun báis iad agus dá éis. Tuairiscíodh sa nuachtán United Ireland ‘ Ó cheann ceann an Chontae tá daoine deimhin de go raibh siad neamhchiontach.’ Bhí sé seo le feiceáil freisin sna haighneachtaí a cuireadh faoi bhráid an Ard-Leifteanaint, sular cuireadh an bheirt chun báis, ag comhlachtaí lena n-áirítear Coimisinéirí Bhaile Thrá Lí, Aontas Dlí na mBocht i dTrá Lí , Coimisinéirí Bhaile Chill Airne agus Coimisinéirí Bhaile Lios Tuathail lenar iarradh go ndéanfaí príosúnacht saoil den bhreith bháis. Cé nach féidir linn anois an méid a tharla a chur ina cheart, tá sé de chumhacht againn a admháil go ndearnadh éagóir mhór do Sylvester Poff agus James Barrett. Tá áthas orm a bheith in ann Pardún ón Uachtarán a dheonú go hoifigiúil ar an mbeirt inniu, agus ar a laghad taifead an scéil a chur ina cheart. Tá súil agam ar an gcaoi sin go mbeidh clabhsúr ag na teaghlaigh tar éis beagnach 142 bliain.

Tá ardmholadh le dul do mhuintir na bhfear agus do bhaill Ghrúpa Oidhreachta Cheantar Oileán Ciarraí as a n-iarrachtaí chun aird an phobail a thabhairt ar a gcás agus as an gcúnamh a thug siad maidir leis an bpróiseas chun pardún a fháil a thabhairt chun críche.”


Níl sna Pardúin ón Uachtarán a tugadh inniu ach an seachtú agus an t-ochtú pardún den chineál sin a tugadh riamh agus an ceathrú agus an cúigiú pardún iarbháis. Is do Harry Gleeson in 2015, Maolra Seoighe (Myles Joyce) in 2018 agus John Twiss in 2021 a tugadh na pardúin iarbháis roimhe seo ag an Uachtarán Uí Uigínn