Seolann an tUachtarán a dhea-ghuí chuig na daltaí go léir atá ag tabhairt faoi scrúduithe inniu
Dáta: Céa 8th Mei, 2016 | 12:19
Sheol an tUachtarán Ó hUigínn a dhea-ghuí chuig na daltaí go léir atá ag tabhairt faoi scrúduithe na hArdteistiméarachta agus an Teastais Shóisearaigh inniu.
“Ba mhaith liom mo bheannachtaí a chur chuig na daltaí sin atá ag cur tús lena scrúduithe Ardteistiméarachta agus Teastais Shóisearaigh inniu.
Is céim thábhachtach in oideachas na mílte daoine óga atá i scrúduithe an lae inniu agus tá ár dtacaíocht tuillte acu siúd atá ag tosú a gcuid scrúduithe inniu, ag na múinteoirí agus ag na clanna a chuidigh leo.
Cé go bhfuil tábhacht ag baint leis na scrúduithe, níl iontu ach gné amháin de thimthriall na foghlama agus an oideachais, rud a leanfaidh ar aghaidh ar feadh a saoil. Tá súil agam go gcuideoidh na scileanna, an t-eolas agus na luachanna atá foghlamtha ag ár ndaltaí leo amach anseo, mar shaoránaigh tíre atá lán de dhóchas agus d’fhéidearthachtaí.
Guím gach rath orthu don todhchaí.”