Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Chuir an tUachtarán Ó hUiginn fáilte roimh Uachtarán Phoblacht Shóisialach Vítneam, H.E. Tô Lâm ag Áras an Uachtaráin ar Chuairt

Dáta: Céa 2nd Dei, 2024 | 17:32

Chuir Uachtarán na hÉireann, Michael D. Ó hUigínn agus a bhean Saidhbhín fáilte inniu roimh Uachtarán Phoblacht Shóisialach Vítneam, H.E. Tô Lâm, in Áras an Uachtaráin. Cuireadh tús oifigiúil le Cuairt Stáit dhá lá an Uachtaráin ar Éirinn leis an ócáid.

Tar éis an tsearmanais fáilte, bhí cruinniú príobháideach ag an dá Cheann Stáit agus ina dhiaidh sin tionóladh cruinniú déthaobhach lena gcuid toscairí. Chuir an tUachtarán Ó hUiginn a chomhbhrón in iúl do Persident Lâm mar gheall ar an slad agus an scrios a rinne an tíofún Yagi. Tar éis an chruinnithe dhéthaobhaigh, chuir an tUachtarán Lâm crann Darach Éireannach i dtailte Áras an Uachtaráin chun an Chuairt a chomóradh.

Sna cruinnithe sin, rinne na hUachtaráin roinnt ábhar a phlé lena n-áirítear slándáil bia dhomhanda, ábhar imní maidir leis an staid reatha sa Mheánoirthear, an tábhacht a bhaineann le Coinbhinsiúin na Ginéive, an caidreamh taidhleoireachta idir an dá thír, an tábhacht a bhaineann le cearta an duine, agus an fhéidearthacht  an caidreamh idir an dá thír a neartú tuilleadh i réimsí amhail trádáil agus infheistíocht, oideachas agus oiliúint, agus cúrsaí cultúir agus turasóireachta. 

Is í an Chuairt Stáit seo ag Uachtarán Tô Lâm an chéad Chuairt Stáit ar Éirinn ag Uachtarán de chuid  Phoblacht Shóisialach Vítneam, agus an chéad Chuairt Stáit aige ar an Eoraip tar éis a oirnithe mar Uachtarán. Leanann an Chuairt an Chuairt Stáit a rinne an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn  ar Vítneam i mí na Samhna 2016, an chéad Chuairt Stáit ag Ceannaire Stáit de chuid na hÉireann ar Vítneam.

Ghabh an tUachtarán Ó hUiginn buíochas leis an Uachtarán Lâm as an bhfáilte a fearadh roimhe ar chuairt dó ar Hanáí, ar Dong Ha agus ar Chathair Ho Chi Minh le linn Chuairt Stáit na bliana 2016.

Beidh an tUachtarán Lâm ar ais in Áras an Uachtaráin tráthnóna inniu le haghaidh Dinnéar Stáit ina onóir a bheidh á óstáil ag an Uachtarán agus Saidhbhín. Táthar ag súil go labharfaidh an bheirt Uachtarán ag an Dinnéar Stáit, agus beidh baill de phobal Vítneamach na hÉireann i measc na n-aíonna a bheidh i láthair.