Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Buaileann an tUachtarán Ó hUigínn le marthanóir ar chomóradh dheich mbliana chinedhíothú na nIasaídeach

Dáta: Lua 9th Meá, 2024 | 17:13

Bhuail Uachtarán na hÉireann, an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn agus a bhean chéile, Saidhbhín,  le hurlabhraithe agus le hionadaithe phobal na nIasaídeach inniu in Áras an Uachtaráin.

Tá deich mbliana caite ó chuir ISIS tús le cinedhíothú na nIasaídeach san Iaráic agus sa tSiria, a mhair idir 2014-2017.

I measc na ndaoine a bhí i láthair inniu, bhí Natia Navrouzov, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Yazda, agus Shireen Khero Khudeeda, marthanóir an chinedhíothú a chaith trí bliana i ngéibheann. 

I ndiaidh chinedhíothú na nIasaídeach, bhí 5,000 duine marbh nó ar iarraidh, le 6,000 bean agus páiste ina sclábhaithe agus níos mó ná 400,000 duine, dhá thrian den daonra Iasaídeach, díláithrithe ó Thuaisceart na hIaráice. 

Tá spéis faoi leith ag an Uachtarán Ó hUigínn i gcruachás an phobail Iasaídigh le fada an lá, agus chas sé leis an ngníomhaí ar son cearta daonna Nadia Murad in Áras an Uachtaráin i mí na Samhna 2016. 

Bronnadh Duais Nobel na Síochána i gcomhpháirt ar Murad Uasal in 2018.

Le linn an chruinnithe, labhair urlabhraithe an phobail leis an Uachtarán maidir le tábhacht an dlí idirthréimhsigh agus an phobail idirnáisiúnta, le fócas faoi leith ar an bpobal Iasaídeach le cinntiú go gcaomhnófar a gcuimhní, agus go gcuirfear a dtuairimí san áireamh amach anseo nuair a fhilleann siad ar a gceantair dhúchais.