Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Déanann an tUachtarán Ó hUigínn comóradh 50 bliain ar coup d’état Shileach

Dáta: Dom 10th Meá, 2023 | 10:30

Ar chuireadh Uachtarán na Sile, ghlac an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn páirt in imeachtaí i Santiago le comóradh a dhéanamh ar 50 bliain ó bhí an coup d’état ann 11 Meán Fómhair 1973 a chur Rialtas Uachtarán na Sile, Salvador Allende, a toghadh go daonlathach, as cumhacht.
 
Tar éis dó cuireadh a fháil ón Uachtarán Gabriel Boric, thaifead an tUachtarán Ó hUigínn teachtaireacht físe – a tugadh trí mheán an Bhéarla agus na Spáinnise – agus seinnfear é ag ócáid in Santiago, a mbeidh Ceanna Stáit i láthair aici, le comóradh a dhéanamh ar 50 bliain ó tharla an coup. 
 
Tá a thacaíocht léirithe ag an Uachtarán Ó hUigínn don ‘Santiago Commitment’, agus beidh lucht freastalaithe na hócáide ag tabhairt a dtacaíochta féin dó freisin trí fhreastail ar an imeacht. 

50 bliain tar éis cur as smacht an daonlathais sa tSile, léirítear sa chomhad seo tiomantas i dtreo an daonlathas a fhorbairt agus a chosaint. Cáintear an foréigean ann agus moltar réiteach síochánta ar aon achrann, chomh maith le cearta daonna a chur chun cinn, agus spásanna comhoibrithe idir stáit a neartú trí iltaobhachas aibí.
 
Tá fáilte curtha ag an Uachtarán Boric roimh theachtaireacht an Uachtaráin Uí Uigínn, agus d’fhoilsigh sé teachtaireacht an Uachtaráin sa tSile thar an deireadh seachtaine.
 
Ina theachtaireacht, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn,
 
“In am an dorchadais, is lóchrann dóchais é cuireadh an Uachtaráin Boric agus an Santiago Commitment. 
 
Is onóir ollmhór é, ar lá chomh suntasach leis seo, le hómós a léiriú do chrógacht agus do mhisneach mhuintir na Sile agus tacaíocht a léiriú don tiomantas leanúnach i gcás daonlathas agus cearta daonna a bhaint amach, de réir atá luaite sa manifesto seo.
 
Is mian liom ómós a dhéanamh don Uachtarán Gabriel Boric as seasamh chun tosaigh agus as iarraidh orainn cinntiú nach mbeidh an daonlathas arís faoi bhagairt ag an bhforéigean. 

Thug mé cuairt ar an tSile i 1988 agus mé mar ‘Observer to the Plebiscite’ an bhliain sin. D’iarr an ról áirithe do dheireadh na deachtóireachta agus réitíodh an bealach d’fhilleadh an daonlathais. Ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar na daoine éagsúla ar casadh orm i 1988 sa tSile, más de bharr a gcéasadh nó a gcrógacht atá sé.
 
Beidh mo chroí istigh sa tSile i gcónaí. Nach iontach an rud é go bhfuil bhur nUachtarán ag glacadh freagrachta mar cheannaire i saincheisteanna cosúil leis an ionchuimsiú, an ceart, meas don chultúr, agus forbairt an daonlathais. 

Tá súil agam nach bhfuil an comhrá seo ach ina thús, agus go scaipfear timpeall na cruinne é. 

Gabhaim buíochas ó chroí libh as an onóir a bhí ann labhairt libh inniu.
 
Míle Buíochas.
 
Go raibh maith agaibh.