Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Déanann Uachtarán Ó hUigínn cruinniú na Comhairle Stáit maidir leis an mBille Cosanta (Leasú) 2024 a ghairm

Dáta: Mái 16th Iúi, 2024 | 09:49

Inniu, rinne Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, cruinniú de chuid na Comhairle Stáit a ghairm, le reáchtáil in Áras an Uachtaráin Dé Luain 15 Iúil 2024, le bunreachtúlacht an Bhille Chosanta (Leasú) 2024 a mheas.

Cuirfidh an tUachtarán tuairimí bhaill na Comhairle san áireamh agus é le cinneadh a dhéanamh a lámh a chur leis an mBille, nó é a chur ar aghaidh chuig an gCúirt Uachtarach maidir le forálacha ar leith de chuid an Bhille a thagann salach ar an mBunreacht, nó ar fhorála ar bith dá chuid.