Comhghairdeachas á dhéanamh ag an Uachtarán Ó hUigínn le Calum Agnew, buaiteoir Ghradam an Laoich Áitiúil Nua 2024
Dáta: Céa 16th Dei, 2024 | 17:12
"Déanaim comhghairdeas ó chroí le Calum Agnew, ar fógraíodh é aréir mar bhuaiteoir Ghradam an Laoich Áitiúil Nua 2023, gradam nuálach mór le rá agus é mar chuid de thionscnamh Cheol Éireann na Míosa, eagraithe ag Hot Press agus Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann, agus maoinithe ag ciste Fuaime agus Físe Choimisiún na Meán.
Tá go leor tallainne ceoil in Éirinn i láthair na huaire, mar a léiríodh go sonrach nuair a roghnaigh stáisiúin raidió neamhspleácha ar fud na hÉireann a Laoch Áitiúil féin, mar chuid de Mhí an Cheoil Éireannaigh.
“Caithfidh go raibh jab thar a bheith deacair ag na moltóirí gearrliosta seisear a dhréachtú as na healaíontóirí cumasacha uathúla sin – agus mar sin, chomh maith le Calum Agnew tá comhgharideachas tuillte ag Bobbi Arlo, Asophonics, Mia Black, Jessica Brett agus Projective.
“Tá tráth an-speisialta againn anseo in Éirinn faoi láthair, agus ealaíontóirí óga cruthaitheacha, cosúil le gach ceann de na seisear iomaitheoirí sa bhabhta ceannais, ag seachadadh saothair a bhfuil samhlaíocht, cáilíocht agus neart iontach acu.
“Tá Calum Agnew ar cheann de na healaíontóirí cumasacha sin. Ceoltóir fíor-tiomanta is ea é atá ag scríobh amhrán riamh ó bhí sé ina pháiste óg.
“Tá an-ghealladh faoi – mar sin is iontach an rud é a fheiceáil á aithint ar an mbealach cumhachtach seo ag painéal moltóirí ó gach cearn den tionscal ceoil – lena n-áirítear ealaíontóirí a bhfuil taithí agus an-rath orthu ar chaighdeán Ruth-Anne Cunningham agus Róisín O.
"The prize is a very valuable one – but most of all, the title of A New Local Hero 2024, which has been conferred on Calum Agnew – and the support from Irish local radio that it guarantees – will I'm sure open the way for him to move on with confidence to the next level, in what should be a wonderfully productive, long-term career.
Is duais an-luachmhar í an duais seo – ach thar aon ní eile, is é an teideal Laoch Áitiúil Nua 2024, atá bronnta ar Calum Agnew – agus an tacaíocht ó raidió áitiúil na hÉireann a ghintear leis – agus tá mé cinnte de go n-osclófar an bealach dó bogadh ar aghaidh go muiníneach go dtí an chéad staid eile, i slí bheatha fhadtéarmach.
Maith thú, Calum Agnew. Guím gach rath ort do ghairm rathúil mar ealaíontóir, cumadóir amhrán, ceoltóir agus amhránaí.
"Tréaslaím leat agus gach rath ort don todhchaí.”