Tréaslaíonn an tUachtarán Connolly le buaiteoirí Éireannacha Ghradaim Oscar 2026
Dáta: Lua 16 Már, 2026 | 03:30
“Is éacht stairiúil atá sa ngradam a bronnadh ar Jessie Buckley mar gurb í an chéad bhean Éireannach ar a bronnadh Oscar don mban-aisteoir is fearr. Is aitheantas é an Gradam seo atá tuillte go maith ag Jessie ní amháin dá sár-aisteoireacht i Hamnet ach de bharr a cur i láthair ealaíonta i scannáin agus ar stáitse le blianta anuas. Níl aon dabht agam ach go mbeidh a muintir bhródúil, i gCiarraí agus ar fud na cruinne, ag ceiliúradh an éachta iontaigh seo léi.
Is iontach an t-éacht atá bainte amach ag Richard Baneham agus a thríú Oscar Éifeachtaí Físiúla bronnta air; bronnadh an Gradam seo air i 2009 agus 2023 freisin. Léiríonn an bua seo a bharr feabhais mar theicneoir sa réimse seo.
Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a ghabháil leis na hÉireannaigh ar fad a fuair ainmniúchán do Ghradaim na bliana seo. Is éacht ann féin ainmniúchán do Ghradam Oscar a fháil; aitheantas ar shár-shaothar agus ealaíontóirí ag barr a réime.
Tá an t-ádh dearg orainn go bhfuil an méid sin daoine le tallann den scoth againn ag obair i dtionscal scannánaíochta na hÉireann faoi láthair. Ba mhaith liom tréaslú le Fís Éireann agus le chuile dhuine atá ag saothrú in earnáil na scannánaíochta agus na haisteoireachta agus leo siúd ar fad a thacaíonn leo ar aon bhealach.
Guím gach rath orthu sa todhchaí agus a saothar ealaíonta á roinnt leis an domhan mór.
Comhghairdeas ó chroí leo uilig arís.
Guím beannachtaí na Féile Pádraig orthu agus a n-éachtaí á gceiliúradh acu.”
