Ceapann an tUachtarán Baill na Comhairle Stáit, Eanáir 2012
Dáta: Dom 1st Ean, 2012 | 16:05
Ceapann an tUachtarán Baill na Comhairle Stáit, Eanáir 2012
De réir Alt 31 an Bhunreachta, cheap an tUachtarán Michael D Higgins na daoine seo a leanas le bheith ina mbaill den Chomhairle Stáit inniu:
• Michael Farrell
• Deirdre Heenan
• Catherine McGuinness
• Ruairí McKiernan
• Sally Mulready
• Gearóid Ó Tuathaigh
• Gerard Quinn
Féach thíos beathaisnéis ghearr maidir le gach ceapaí ar leith agus liosta iomlán de gach ball den Chomhairle Stáit reatha.
Michael Farrell
Is é Michael Farrell an t-aturnae sinsearach leis na hIonaid Chomhairle Dlí Saor in Aisce. Bhí sé páirteach sa Ghluaiseacht Cearta Sibhialta i dTuaisceart Éireann agus is iar-chomhchathaoirleach den Chomhairle um Chearta an Duine é. Bhí Michael ina bhall den Choimisiún um Chearta an Duine in Éirinn ón mbliain 2001 go dtí anuraidh agus faoi láthair is é an ball Éireannach den Choimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe. Tá sé ina bhall, freisin, den Choiste um Chearta an Duine de Dhlí-Chumann na hÉireann.
An tOllamh Deirdre Heenan
Is Propast agus Déan na Forbartha Acadúla ar Champas Mhic Aoidh de chuid Ollscoil Uladh í Deirdre Heenan, áit a bhfuil sí ina ball den Fhoireann Bhainistíochta Shinsearach. Ceapadh í mar Léachtóir i Staidéar Beartais in Ollscoil Uladh in 1995 agus rinneadh Ollamh di in 2007. Is comhbhunaitheoir agus iar-chomhstiúrthóir í de Shuirbhé na Beatha agus an tSaoil de chuid Thuaisceart Éireann, ar acmhainn staidrimh thábhachtach í le haghaidh scoileanna, scoláirí agus lucht déanta beartas. Is é a sainréimse staidéir an déabhlóid, an t-oideachas agus an cúram sóisialta.
In 2008-09 chaith Deirdre naoi mí ag obair mar chomhairleoir beartas in Oifig an Chéad Aire agus an LeasChéad-Aire. Anuraidh, cheap an tAire Sláinte, Edwin Poots, í le bheith ar an bpainéal de chúigear comhairleoir chun cúnamh a thabhairt leis an Athbhreithniú ar Sheirbhísí Sláinte agus Cúram Sóisialta i dTuaisceart Éireann.
An Breitheamh Catherine McGuinness
Glacadh leis an mBreitheamh Catherine McGuinness mar abhcóide in 1977 agus mar abhcóide na sinsear in 1989. Bhí sí ina ball de Sheanad Éireann ó 1979 go 1982 agus bhí sí ina ball den Chomhairle Stáit cheana ó 1988 go 1990.
Chuir sí isteach tréimhse mar Bhreitheamh sa Chúirt Chuarda idir 1994 agus 1996, san Ard-Chúirt ó 1996 go 2000 agus sa Chúirt Uachtarach idir 2000 agus 2006. Ón mbliain 2005 go dtí 2011, bhí sí ina hUachtarán ar an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí. Faoi láthair tá sí ina hOllamh Taca le Dlí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh
Is Ollamh Emeritus le Stair agus iar-Dhéan na nEalaíon agus Leas-Uachtarán Ollscoil Éireann, Gaillimh é Gearóid Ó Tuathaigh. Is iarbhall de Sheanad Ollscoil na hÉireann agus de Choimisiún Fulbright Éireann – SAM agus iar-Chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta é an tOllamh Ó Tuathaigh, agus tá ábhar dá chuid i réimseleathan de ghnéithe stair nua-aoiseach na hÉireann foilsithe i mBéarla agus i nGaeilge.
Ruairí McKiernan
Is gníomhaí pobail agus fiontraí sóisialta é Ruairí McKiernan. Is é a bhunaigh an eagraíocht náisiúnta óige SpunOut.ie. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí agus de lucht eagraithe an chruinnithe mhullaigh shóisialta Possibilities 2011. Is céimí sa ghnó é Ruairí agus bronnadh go leor duaiseanna air, Gradam na bhFiontraithe Sóisialta, an Gradam Net Visionary, agus Gradam Idirnáisiúnta de chuid Chomhlachas Sóisear Éireann. Tar éis ocht mbliana a chaitheamh mar POF ar SpunOut.ie, d’éirigh sé as le gairid le nuálaíochtaí sóisialta a fhorbairt.
Sally Mulready
Tá a cion tairbhe déanta ag Sally Mulready don phobal eisimirceach Éireannach sa Bhreatain thar na scórtha bliain. Rugadh i mBaile Átha Cliath í agus bhog sí go Hackney, Londain lena máthair sna 1970idí. Is comhairleoir áitiúil í de chuid Pháirtí an Lucht Oibre i mBuirg Hackney i Londain ó 1997 i leith. Ina cáil mar iar-Rúnaí ar Chónaidhm na gCumann Éireannach, bhí Sally bainteach le haontú Rialtas na hÉireann a chinntiú le cúig Sheirbhís Fhor-rochtana do Mharthanóirí a chruthú agus a mhaoiniú sa Bhreatain. Is ball bunaidh í freisin de Ghréasán na Marthanóirí Ban Éireannach agus Stiúrthóir ar an nGréasán Comhairleoireachta do na hÉireannaigh Scothaosta. Bhí lámh ar leith ag Sally agus í gníomhach san fheachtas chun Seisear Birmingham a shaorú agus tá sí gníomhach i láthair na huaire i gceist na Neachtlann Maighdiléana.
An tOllamh Gerard Quinn
Tá an tOllamh Gerard Quinn ina stiúrthóir ar an Lárionad um Dlí agus Beartas maidir leis an Míchumas i Scoil an Dlí in OÉ Gaillimh. Is cuid den Institiúid Nua Um Thaighde ar Bheartas Cúrsa Saoil atá san Ionad, a dhéanann taighde ar an nuálaíocht beartas maidir le haois, leis an bpáiste agus leis an míchumas. Is céimí de chuid OÉG é (BA, LL.B.), agus glacadh leis mar abhcóide i mBarra na hÉireann in 1983 agus tá céim mháistir (LL.M.) agus céim dochtúra sa dlí (S.J.D.) ó Scoil an Dlí i Harvard aige. Is é an príomhábhar spéise atá aige an dlí agus an beartas idirnáisiúnta agus comparáideach maidir le míchumas. Bhí an tOllamh Quinn ina phríomhthoscaire den Rehabilitation International (RI) ag an ngrúpa oibre de chuid an NA a rinne mionsaothrú ar an gCoinbhinsiún nua um Chearta Daoine faoi Mhíchumas de chuid an NA. D’oibrigh sé sa Choimisiún Eorpach agus bhí roinnt post aige, mar shampla Stiúrthóir Taighde sa Choimisiún um Athchóiriú an Dlí agus an Chéad Leas-Uachtarán de Choiste na hEorpa um Chearta Sóisialta (Comhairle na hEorpa). Is iarbhall é de Choimisiún um Chearta an Duine na hÉireann. Bíonn sé rannpháirteach go deonach ar roinnt bord idirnáisiúnta a bhíonn ag déileáil le dlí agus beartas maidir le ceisteanna an mhíchumais.
Baill na Comhairle Stáit
Ex Officio
• An Taoiseach, An tUasal Enda Kenny
• An Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, An tUasal Eamon Gilmore
• An tOnórach Susan Denham, Príomh-Bhreitheamh
• An tUasal Sean Barrett, Ceann Comhairle, Dáil Éireann
• An Seanadóir Patrick Burke, Cathaoirleach, Seanad Éireann
• An tOnórach, An Breitheamh Uasal Nicholas Kearns, Uachtarán na hArd-Chúirte
• An tUasal Máire Whelan, S.C., Ard-Aighne
Iarshealbhóirí Oifige
• Mary McAleese
• Mary Robinson
• An tOnórach Uasal T. A. Finlay
• An tOnórach Uasal Ronan C Keane
• An tOnórach Uasal John Murray
• An tUasal Liam Cosgrave
• An tUasal John Bruton
• An tUasal Albert Reynolds
• An tUasal Bertie Ahern
• An tUasal Brian Cowen