Cuireann an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn fáilte roimh bhearta chun freagra domhanda a thabhairt ar cheist na dteifeach
Dáta: hAo 19th Lún, 2016 | 18:22
19 Lúnasa 2016
Agus ceannairí domhanda ag ullmhú don chéad Chruinniú Mullaigh riamh de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le hAghaidh a Thabhairt ar Ghluaiseachtaí Móra Teifeach agus Imirceach, tá an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn tar éis iarraidh ar rialtais glacadh le tuilleadh freagrachta maidir le leas imirceach agus teifeach.
“Tá níos mó dídeanaithe agus daoine díláithrithe sa domhan anois ná mar a bhí am ar bith eile ón Dara Cogadh Domhanda ar aghaidh, agus comhartha amháin é sin den teip mhór ag an bpobal idirnáisiúnta dul i ngleic leis na tosca is cúis le daoine teitheadh.
Tá 65 milliún duine, an líon is airde riamh, díbeartha as a dteaghlaigh agus áirítear 10 milliún duine ar fud an domhain a bheith gan stát. Gach uile lá, bíonn ar níos mó daoine bogadh thar theorainneacha idirnáisiúnta, iad ag éalú ón gcoimhlint agus ón ngéarleanúint nó ag lorg deiseanna dóibh féin agus dá muintir – agus pobail i ngéarchéim fágtha ina ndiaidh acu.
Sa chomhthéacs sin, is ábhar dóchais é go bhfuil an 193 Ballstát de na Náisiúin Aontaithe ar aon intinn faoi chur chuige comhpháirteach, agus ullmhú á dhéanamh acu do chruinniú mullaigh na Náisiún Aontaithe faoin imirce agus teifigh, le bheith ar siúl ar an 19 Meán Fómhair.
Tá teachtaireacht láidir sa dréacht-dearbhú, a socraíodh trí idirbheartaíocht faoi cheannaireacht na hÉireann agus na hIordáine, a léiríonn dlúthpháirtíocht le dídeanaithe agus le himircigh, agus í ag díriú ní hamháin ar cháineadh an leatroim agus na héadulaingthe i dtaca le dídeanaithe agus le himircigh ach, freisin, ag cur béime ar chion tairbhe na n-imirceach, má thugtar seans dóibh.
Is duine a bhfuil cumas, taithí, dóchas agus cearta aige atá i ngach dídeanaí agus duine díláithrithe. Tá sé in am gníomhú anois lena chinntiú go gcosnaítear na cearta sin agus le haithint nach féidir réiteach buan a fháil ar ghéarchéim na dteifeach gan síocháin agus forbairt inbhuanaithe a sholáthar do chách.
Ní mór go dtiocfaí moltaí nua chun cinn i gcruinniú Mheán Fómhair a bhainfidh amach imeascadh sna beartais sna tíortha tionscnaimh, agus sna nósanna imeachta i gcomhair aistrithe agus oiriúnaithe sna tíortha cinn scríbe.
Beidh infheistíocht nua ag teastáil, chomh maith le forbairt inbhuanaithe, agus san áireamh teacht ar mhaoiniú le beartais mar bhannaí urraithe, feabhsú ar infheistíocht i ndeimhnithe bunáite curtha ar fáil go trédhearcach agus tiomantas don mhonatóireacht ar chomhlíonadh an dlí idirnáisiúnta agus dhaonnúil. ”