Media Library

News Releases

Official Visit to the the United States

Date: Tue 22nd Sep, 2015 | 17:24

Fágfaidh an tUachtarán Ó hUiginn Baile Átha Cliath ar a bhealach go Nua Eabhrac Déardaoin 24 Meán Fómhair ar chuairt oifigiúil chuig na Stáit Aontaithe.  Mar chuid den chuairt beidh sé rannpháirteach sa ‘Cruinniú Mullaigh na Forbartha Inbhuanaithe’ de chuid na NA, a bhfuil sé mar aidhm aige ‘Spriocanna Chlár Oibre 2030’, mar chomharba ar Spriocanna Forbartha na Mílaoise, a chomhaontú.  Cuirfidh Ionadaí Buan na hÉireann ag na Náisiúin Aontaithe i Nua Eabhrac, an tUasal David Donoghue fáilte roimh an Uachtarán agus Saidhbhín Uí Uiginn ar theacht dóibh.

Bhí Éire ina comhchathaoirleach ar an bpróiseas idirbheartaíochta roimh an gCruinniú Mullaigh seo.  

Tá rannpháirtíocht i dtrí sheisiún sna Náisiúin Aontaithe agus eochairaitheasc in Ollscoil Nua Eabhrac dar teideal “An tAontas Eorpach – i dtreo Dioschúrsa ar Athcheangal, Athnuachan agus Dóchas” mar chuid de chlár an Uachtaráin.

Is ceist lárnach in Uachtaránacht an Uachtaráin Uí Uiginn ceist na forbartha. Anuraidh, le linn a chuairte chuig an Afraic, thug an tUachtarán eochairaitheasc ar théama na forbartha inbhuanaithe do Choimisiún Eacnamaíochta na hAfraice de chuid na NA, agus níos luaithe i mbliana chomóir sé Bliain Eorpach na Forbartha le haitheasc ag comhdháil Dhóchas i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Dé hAoine 25 Meán Fómhair
Maidin Dé hAoine beidh cruinniú príobháideach ag an Uachtarán leis an Uasal George Soros agus an Uasal Chris Stone, Uachtarán Fhondúireacht Sochaí Oscailte an Uasail Soros – ar cuireadh uathu. Nios déanaí buailfidh sé le hionadaithe ó earnáil na nEagraíochtaí Neamhrialtasacha in Éirinn, atá i Nua Eabhrac le haghaidh Cruinniú Mullaigh ‘Agenda 2030’. Sa tráthnóna buailfidh sé le foireann na hÉireann atá ag obair sna Náisiúin Aontaithe, in áit chónaithe ár nIonadaí Buan chuig na Náisiúin Aontaithe, an tUasal David Donoghue. Ar deireadh, Dé hAoine, tabharfaidh an tUachtarán agus Bean Uí Uiginn cuairt ar thaispeántas Sightsavers ‘Framing Perceptions’ in Ionad Alexandria.

Dé Sathairn 26 Meán Fómhair
Maidin Dé Sathairn, beidh an tUachtarán páirteach i gcomhrá idirghníomhach sna Náisiúin Aontaithe ar an ábhar:  “Fás Eacnamaíochta Inbhuanaithe á chothabháil, Bunathrú chun Feabhais agus Tomhaltas agus Táirgíocht Inbhuanaithe á gCur Chun Cinn”. 

Beidh Ceanna Stáit agus Rialtais eile bainteach leis an gcomhrá ardleibhéil seo. 

San iarnóin (fós sna Náisiúin Aontaithe) beidh an tUachtarán rannpháirteach i seisiún faoi  ‘Mobilising Generation Zero Hunger’, áit a dtabharfaidh sé eochairaitheasc. 

Beidh rannpháirtíocht sa seisiún ag Ionadaithe ballstáit na NA, Graziano Da Silva, Stiúrthóir Ginearálta, An Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta, Kanayo F. Nwanze, Uachtarán, Fondúireacht Idirnáisiúnta um Fhorbairt Talmhaíochta, Etharin Cousin, Stiúrthóir Feidhmeannach, An Clár Domhanda Bia agus Ceannairí Ógra ar cuireadh.
                      
Níos déanaí sa tráthnóna rachaidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uiginn chun freastal ar léiriú de ‘Little Thing Big Thing’, leis an údar Dónal O’Kelly, arna stiúradh ag Jim Culleton, léirithe ag Fishamble, ina bhfuil Sorcha Fox agus Dónal O’Kelly páirteach, in Amharclann 59E59. Tar éis an léirithe buailfidh an tUachtarán agus Saidhbhín le foireann ‘Little Thing Big Thing’ agus ‘Pondling’ chomh maith le Comhaltaí Boird ‘Origin 1st  Irish Festival’. (féach www.1stirish.org)

Dé Domhnaigh 27 Meán Fómhair
Maidin Dé Domhnaigh, sna Náisiúin Aontaithe arís, beidh an tUachtarán páirteach i gCruinniú Ceannairí Domhanda faoi  ‘Comhionannas Inscne agus Cumhachtú Ban – Tiomantas don Ghníomh‘. Beidh an t-imeacht seo á óstáil ag Rúnaí Ginearálta na NA, an tUasal Ban Ki-Moon agus Uachtarán Xi Jinping na Síne ar ócáid chomórtha 20 bliain de Chlár Bhéising um Chomhionannas Inscne.
Beidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uiginn ag freastal ar lón arna óstáil ag Ionadaí Buan na hÉireann chuig na Náisiúin Aontaithe, an tUasal David Donoghue agus Jill Donoghue, a mbeidh roinnt Ionadaithe Sinsearacha de chuid na NA i láthair aige. Níos déanaí sa tráthnóna, beidh cruinniú príobháideach ag an Uachtarán leis an Uasal Kaushik Basu, Príomh-Eacnamaí an Bhainc Dhomhanda. Tráthnóna Dé Domhnaigh beidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uiginn ina n-aíonna oinigh ag fáiltiú Fhéile Amharclannaíochta na hÉireann de chuid Origin 1st, arna óstáil ag an gConsal Ginearálta chuig Nua Eabhrac, an tUasal Barbara Jones.                   
 
Dé Luain 28 Meán Fómhair  
Beidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uiginn i láthair ag lón, arna óstáil ag an gConsal Ginearálta, Barbara Jones, a mbeidh daoine tábhachtacha de phobal na hÉireann atá ag cur fúthu sna Stáit Aontaithe i láthair. (Tuilleadh sonraí le heisiúint ar an 28ú).

Níos déanaí sa tráthnóna tabharfaidh an tUachtarán Léacht Bliantúil Emile Noël, dar teideal,  “An tAontas Eorpach – i dtreo Dioschúrsa ar Athcheangal, Athnuachan agus Dóchas” in Ollscoil Nua Eabhrac. Ar theacht dó ag an ollscoil, cuirfidh  An tOllamh John Sexton, Uachtarán, Ollscoil Nua Eabhrac agus an tOllamh Gráinne de Búrca, Stiúrthóir, Ionad Jean Monnet um Dhlí agus Cheart Eacnamaíochta Idirnáisúnta agus Réigiúnach, fáilte roimh an Uachtarán agus Saidhbhín Uí Uiginn. Beidh an tUachtarán agus Saidhbhín i láthair ag fáiltiú le haghaidh an lucht éisteachta a fuair cuireadh, tar éis a aithisc agus an tseisiúin ceisteanna agus freagraí. 

Fágfaidh an tUachtarán agus Saidhbhín Nua Eabhrac agus tabharfaidh siad a n-aghaidh ar Bhaile Átha Cliath Dé Máirt an 29 Meán Fómhair.

Is é seo an séú cuairt oifigiúil ag an Uachtarán in 2015. I mí Eanáir thug sé a aitheasc do Chomhairle na hEorpa i Strasbourg; in Aibreán rinne sé freastal ar imeachtaí comórtha in Gallipoli agus thug sé cuairt ar thrúpaí na hÉireann sa Liobáin; i mí an Mheithimh thug sé cuairt ar sheastán Expo na hÉireann i Milan agus bhuail sé le hUachtarán na hIodáile, an tUasal Sergio Mattarella – agus i mí Iúil bhí imeachtaí i Learpholl agus Warrington ina gcuid dá chuairt oifigiúil chuig an RA.