Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas Lá Bealtaine 2024 ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn

Dáta: Céa 1st Bea, 2024 | 09:29

“Mar Uachtarán na hÉireann, guím gach rath orthu siúd atá i mbun ceiliúrtha ar Lá Bealtaine, bíodh siad in Éirinn nó i gcéin.

Tá Lá Bealtaine, nó Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe, ar cheann de na laethanta is tábhachtaí ar fhéilire na bliana ar féidir dlúthpháirtíocht le hoibrithe a chur in iúl, beag beann ar shuíomh ná ar choinníollacha oibre. Deis is ea é le ceiliúradh a dhéanamh ar ról lárnach na gceardchumann i gcur chun cinn ár gceart, agus i sochaí láidir, chuimsitheach a thógáil as an nua.  

Cuirim fáilte faoi leith roimh Lá Bealtaine na bliana seo agus ‘Seachtain na gCeardchumann’ á seoladh, ag tógáil ar fheachtas ‘Better in a Trade Union’ de chuid Chomhdháil na gCeardchumann

Tá oibrithe an lae inniu go mór faoi chomaoin ag na ceardchumannaithe, idir fhir agus mhná, a tháinig rompu agus a leag an cosán. Tá oidhreacht láidir ag Éirinn sa cheardchumannachas – gluaiseacht a chinntigh ár gcearta daonna, agus atá fite fuaite i dtóraíocht saoirse ár náisiúin. 

Insítear dúinn, ó leathanaigh na leabhar staire, gur trí bhallraíocht ceardchumann a dhéantar an toradh, an chosaint agus na féidearthachtaí is fearr a bhaint amach d’oibrithe.

Is féidir an oiread sin a bhaint amach nuair a bhailímid le chéile. Tá go leor daoine, ar fud an domhain, go síoraí ag lorg oibre agus is minic a dhéantar cur síos ar na deacrachtaí éagsúla atá ann dóibh. 

Tá dúshlán ann dúinn go fóill agus muid ag iarraidh sochaí chóir a chruthú, ina bhfuil luach ar gach cineál oibre inti, nach bhfuil áit inti don leithcheal agus a bhfuil flúirse post maith le fáil. Tá na hoibrithe i réimse an chúraim i mbun oibre i gceann de na gnéithe is tábhachtaí dár sochaí agus tá sé thar am againn an t-aitheantas cuí a thabhairt dá n-iarrachtaí.  

Feiceann t-oibrí ar an gceardchumann le huaillmhian agus le réadúlacht, áit ina bhféadfaí foghlaim faoi ‘the art of the possible’.  

Is teoiric í seo atá fite fuaite inár bhfís idirnáisiúnta, a bhfuil na ceardchumainn tar éis eiseamláir a dhéanamh di. Léirítear sna ceardchumainn cad is féidir linne, mar bhuíon aontaithe, a bhaint amach – ina measc cearta oibre agus cearta a chosain na hoibrithe, go háirithe iad siúd is leochailí acu. 

Is lá speisialta é Lá Bealtaine a dtagann ceardchumainn agus baill ceardchumann ó gach cearn den domhan le chéile air chun plé a dhéanamh ar na bealaí is fearr le sochaí chóir, inbhuanaithe agus fhreagrach a chruthú.

Mar sin air seo, Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe, glacaimis ar fad leis an rún go ndéanfaimid ár gcuidse le sochaí nua a thógáil atá saor ó na constaicí éagsúla a leagtar os comhair daoine agus iad ag iarraidh sásamh pearsanta agus sóisialta a bhaint amach.  

Mar sin, ar an lá speisialta seo, a ndéantar ceiliúradh air fud fad na cruinne, bíodh sé le cloisteáil breá soiléir. Bí do bhall den cheardchumann, agus le hathbhreithniú agus caomhnú á dhéanamh ar dhomhain na hoibre, is féidir linne saol fiúntach, sásúil a thógáil. 

Le chéile, is féidir ár bhféidearthachtaí a ghabháil ar leas mhuintir an domhain uilig. As lámha a chéile, tiocfaidh an domhan atá ag teastáil”.