Comhráiteas ag Uachtarán Phoblacht Pheiriú, Pedro Pablo Kuczynski agus Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn
Dáta: hAo 10th Fea, 2017 | 15:27
Ar chuireadh ó Uachtarán Pheiriú, Pedro Pablo Kuczynski, thug Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, cuairt oifigiúil ar Pheiriú ar an 9 agus 10 Feabhra 2017. Ba é seo an chéad chuairt ag Ceann Stáit na hÉireann ar Pheiriú agus cor stairiúil sa chaidreamh idir an dá thíra bhí ann. Sa chomhthéacs sin, d'fhógair Uachtarán Pheiriú oscailt Ambasáid Pheiriú i mBaile Átha Cliath le linn 2017, agus é mar aidhm aige an caidreamh dáthaobhach idir an dá thír a neartú.
Chuir na Ceanna béim ar luachanna agus prionsabail chomhroinnte an dá thír agus a dtiomantas don daonlathas, cosaint chearta an duine agus meas ar riail an dlí. Luaigh siad, freisin, an mian atá acu ceangail pholaitiúla, eacnamaíochta agus chultúrtha idir Éirinn agus Peiriú a neartú. Sa chomhthéacs sin, thug an tUachtarán Kuczynski chun cuimhne ionchur mhuintir na hÉireann i neamhspleáchas Pheiriú agus Mheiriceá Laidinigh
Chuir an bheirt Uachtarán béim ar an tábhacht a bhaineann leis an gcomhoibriú chun rialachas domhanda agus baint amach Chlár na NA 2030 agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun cinn. Chuir siad fáilte roimh shíniú Mheabhrán Tuisceana um Chóras Comhairliúcháin Pholaitíochta idir Pheiriú agus Éirinn a bhunú chun cruinnithe ardleibhéil ar cheisteanna comónta a cheadú. Chomh maith leis sin, léirigh siad suim i malartú taithí i réimse an bheartais shóisialta, go háirithe maidir le hiarrachtaí chun an bhochtaineacht agus an neamhionannas a laghdú. D'aontaigh na hUachtaráin, freisin, ar an tábhacht a bhaineann le comhoibriú idir an dá thír i réimse an oideachais a chur chun cinn agus a neartú; san áireamh bheadh comhoibriú amach anseo i réimsí mar an eolaíocht agus an teicneolaíocht, an taighde agus an nuálaíocht.
Sa chomhthéacs sin, chuir siad fáilte roimh shíniú Dhearbhú Intinne idir PRONABEC (Programa Nacional de Becas y Crédito Educativo) Pheiriú agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, a neartóidh comhoibriú i bhforbairt an chaipitil dhaonna trí staidéir iarchéime i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, i gcláir a bhaineann le forbairt eolaíochta agus teicneolaíochta Pheiriú, amhail Scoláireacht na hUachtaránachta "Beca Presidente de la República del Perú¨ agus an clár a dhéanann sainstaidéar san Oideolaíocht maidir le Teagasc an Bhéarla. Chomh maith leis sin, spreag na hUachtaráin tionscnaimh chomhoibrithe amach anseo agus cláir mhalartairthe mac léinn le leas ollscoileanna ón dá thír.
Thug na hUachtaráin aitheantas don tábhacht le saorthrádáil a chur chun cinn mar chroílár na forbartha eacnamaíochta inbhuanaithe agus luaigh siad an deis atá ann le trádáil a neartú idir Pheiriú agus Éirinn ag éirí as an gComhaontú Trádála idir an Aontas Eorpach agus Peiriú - go háirithe maidir le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Chuir Uachtarán Pheiriú Uachtarán na hÉireann ar an eolas, freisin, faoi ról Chomhghuaillíocht an Aigéin Chiúin i neartú lánpháirtíochta agus comhoibrithe idir a ballstáit agus chuir sé fáilte roimh shuim na hÉireann sa phróiseas sin.
Thug Uachtarán na hEireann aitheantas d'iarrachtaí Pheiriú caighdeáin na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) a bhaint amach agus a mhian chun a bheith ina bhallstát de go luath.
Chuir an bheirt cheann fáilte roimh thús oibríochtaí na haerlíne Viva Air Peru a thosóidh go luath, de thoradh infheistíochta Éireannaí, a bheidh ag eitilt idir Lima agus ocht gcathair i bPeiriú.
Le linn a chuairte, thug an tUachtarán O hUigínn príomhaitheasc ar Ruairí Mhic Easmuinn, inar dhírigh sé ar a ionchur ceannródaíoch i gcosaint na dínite daonna agus chearta an duine i bPeiriú agus i dtíortha eile i Meiriceá Theas.
Mar aitheantas ar a thiomantas i neartú agus i bhfeabhsú an cheangail idir Éirinn agus Meiriceá Laidineach agus Peiriú, bhronn an tUachtarán Kuczynski an Gran Collar d'Ord "El Sol del Peru", an gradam is airde a bhronann Rialtas Pheiriú, ar an Uachtarán O hUigínn.
Lima, 10 Feabhra 2017.