An Dr. T.K. Whitaker – Lá Breithe 100 bliain
Dáta: Déa 8th Nol, 2016 | 11:57
Tá an céad bliain dá shaol a thug an Dr. T.K. Whitaker d’Éirinn ar fheabhas ar fad ar gach bealach. Is saol é ina ndearna sé fónamh do leas an phobail, agus inar chuir sé le beagnach gach gné de shaol na hÉireann.
Cé gurb é an saothar is mó a luaitear leis a pháipéar ceannródaíoch ar ‘Forbairt Eacnamaíochta’ in 1958, a raibh an oiread sin tionchair aige ar ‘ An Chéad Chlár um Fhorleathnú Eacnamaíoch 1958-63’ a mhúnlaigh beartas eacnamaíochta na hÉireann, bhí baint aige le gach gné de na hathruithe institiúideacha in Éirinn.
Chuaigh an caighdeán a bhí aige maidir leis an tSeirbhís Phoiblí i gcion ar chách mar chaighdeán den scoth. Bhí tábhacht mhór lena ionchur i gcothú na síochána i dTuaisceart Éireann, ón am a raibh na chéad chruinnithe ag na polaiteoirí sinsearacha, go dtí foilsiú a pháipéir ‘N.I. A Possible Solution’, agus spásanna comhráite á dtógáil go foighneach aige, agus dá bhrí sin tá údar bróid aige ar chothrom lae a bhreithe 100 bliain ó shin.
Cuimsíonn a ghrá do gach rud Gaelach - an dúlra, an fhilíocht, an teanga - gach gné den chultúr.
Nuair a iarradh air, ag am a mbeadh daoine eile imithe ar scor, rinne sé fónamh a raibh an cuimsiú agus feabhsú na staide daonna mar aidhm aige. Bíodh sé mar Chathaoirleach ar an gCoiste Fiosrúcháin ar an gCóras Pionósach, mar Chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge, mar Chathaoirleach ar Ghrúpa Athbhreithnithe an Bhunreachta, mar Uachtarán ar an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta, nó mar Sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann, ba luachmhar a thaithí agus a chríonnacht.
Chuaigh a ghnaíúlacht phearsanta mhealltach go mór i gcion orainne, a bhfuil sé de phribhléid againn aithne a bheith againn air. Tá féith ghrinn ann a bhíonn chomh gar sin i gcónaí nuair a thugann sé a chuid tuairimí ar féidir a bheith cinnte fúthu go n-eascraíonn siad ó mhachnamh duine a bhfuil intleacht ghéar aige agus grá díograiseach do mhuintir na hÉireann agus do gach rud Gaelach.
Tá fear breá uasal tar éis lorg fial agus dodhearmadta a fhágáil ar shaol na hÉireann agus beidh muintir na hÉireann, de gach aois, ag iarraidh seasamh le chéile agus Breithlá Sona a ghuí air.
Micheál D. Ó hUigínn
Uachtarán na hÉireann