Oíche Chultúir 2025
Dáta: Mái 19 Lún, 2025 | 10:00
Tá áthas ar Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, agus ar a bhean chéile, Saidhbhín, Áras an Uachtaráin a oscailt don phobal ar Oíche Chultúir, Dé hAoine, 19ú Meán Fómhair, 2025.
Tabharfar léargas do chuairteoirí ar stair theach chónaithe oifigiúil Uachtarán na hÉireann agus cuirfear taispeántas chultúrtha i láthair. Beidh Oíche Chultúir ag Áras an Uachtaráin ar siúl ó 6 i.n. go dtí 10 i.n.
Imeacht 'Ticéad Amháin' is ea é Oíche Chultúir.
Chun iarratas a dhéanamh ar thicéid, cuir d'ainm agus do sheoladh poist chuig: [email protected] agus roghnófar ainmneacha na mbuaiteoirí i gcrannchur. Is é an dáta deiridh d'iarratais ná 29ú Lúnasa, 2025.
