Media Library

News Releases

Buíochas ón Uachtarán do Leas Cheannasaí TG4 Pádhraic Ó Ciardha

Date: Thu 9th Nov, 2017 | 13:03

“Tá ardmholadh agus buíochas tuillte ag Pádhraic Ó Ciardha” dar le Uachtarán na Éireann, Micheál D. Ó hUigínn, a bhí ag tagairt don nuacht go mbeidh an tUasal Ó Ciardha ag éirí as a phost mar Leas Cheannasaí ar TG4, Mí Feabhra seo chugainn. “Bhí Pádhraic lárnach in ár n-iarrachtaí Teilifís na Gaeilge a bhunú ós cionn scor bliain ó shin agus bhí sé díograiseach thar na blianta ó shin i leith chun stáisiún teilifíse cruthaitheach, nuálach agus tarraingteach a thógáil. Stáisiún atá imithe ó neart go neart faoina thionchar agus a stiúradh. Guím gach rath ar Phádhraic agus é ag tabhairt aghaidh ar ré nua dá shaoil. Mar Uachtarán na hÉireann, gabhaim buíochas leis as an éacht atá bainte amach aige le TG4, agus an seirbhís atá tugtha aige don phobal agus dá thír.”