Cuairt Stáit ó Uachtarán Phoblacht Shóisialach Vítneam fógartha ag Áras an Uachtaráin
Dáta: Lua 30th Meá, 2024 | 09:57
Cuirfidh Uachtarán na hÉireann, an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn fáilte roimh Uachtarán Phoblacht Shóisialach Vítneam, A. Sh. Tô Lâm, agus a bhean Madame Ngô Phương Ly ar Chuairt Stáit chun na hÉireann an tseachtain seo. Cuirfear tús leis an gCuairt Dé Céadaoin 2 Deireadh Fómhair agus cuirfear clabhsúr leis Déardaoin, 3 Deireadh Fómhair.
Is í an Chuairt Stáit seo ón Uachtarán Tô Lâm an chéad Chuairt Stáit chun na hÉireann ó Uachtarán Vítneamach. Tagann sé sna sála ar Chuairt Stáit an Uachtaráin Uí Uigínn chun Vítneam i Samhain 2016, tráth a raibh an tUachtarán Ó hUigínn mar an Chéad Cheann Stáit Éireannach le Cuairt Stáit a thabhairt ar Vítneam.
Ar an gCuairt sin, thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar Hanoi, Dong Ha agus Cathair Ho Chi Minh.
“Déanfaidh an Chuairt seo ón Uachtarán agus ó Airí ina chuideachta naisc stairiúla, chultúrtha, oideachasúla agus taidhleoireachta a neartú idir an dá thír”, arsa an tUachtarán Ó hUigínn.
Cuirfear tús leis an gCuairt Stáit le fáiltiú in Áras an Uachtaráin Dé Céadaoin, agus ina dhiaidh sin beidh cruinniú déthaobhach idir an mbeirt Cheann Stáit.
An oíche sin, déanfaidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn Dinnéar Stáit a óstáil in ómós don Uachtarán Lâm agus Bean Uasal Ly.