Áras an Uachtaráin
Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Tá cónaí ar an Uachtarán in Áras an Uachtaráin, i lár Pháirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath

Placeholder

Stair an Tí

Tógadh an teach i bhfad ó shin, in 1751, agus bhí sé ina theach cónaithe ag ionadaí oifigiúil Rí nó Banríon na Breataine in Éirinn (Fear Ionaid an Rí in Éirinn mar a thugtaí air). Tá cuid mhaith pictiúr agus píosaí ealaíne a thaispeánann an chuid sin de stair an tí. Tar éis d'Éirinn neamhspleáchas a bhaint amach, rinneadh teach cónaithe Uachtarán na hÉireann de. Ba é Dubhghlas de hÍde an chéad Uachtarán a chuaigh chun cónaithe sa teach in 1938.

  • Placeholder
  • Placeholder
  • Placeholder
  • Placeholder
  • Placeholder
  • Placeholder

Aíonna Tábhachtacha

Ní áit chónaithe amháin atá sa teach, ach is áit é, freisin, ina ndéanann an tUachtarán gnó Stáit tábhachtach agus a gcuireann sé fáilte roimh státairí an domhain. Is féidir leat féachaint isteach in Áras an Uachtaráin anseo:

Baile an Uachtaráin

Cé go bhfuil an tÁras sean, tá cuma álainn inniu air, agus déantar cothabháil mhaith agus caomhnú air. Is teach cónaithe sona agus compórdach atá ann - cé go bhfuil roinnt comharsan coimhthíoch béal dorais aige a bhíonn glórach ó am go chéile, sa zú.

An raibh a fhios agat?

Is féidir leat cuairt a thabhairt ar Áras an Uachtaráin saor in aisce. Bíonn turais ar fáil gach Satharn, a thosaíonn in Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce, atá buailte leis an Áras. Cuimsítear taisteal chuig Áras an Uachtaráin sa chuairt, turas ar an ionad taispeántais agus ar sheomraí fáiltithe an stáit agus ar na gairdíní.  D'fhéadfadh sé go gcuirfí na turais ar ceal ó am go ham ar mhaithe le gnóthaí stáit. Maireann na turais aon uair an chloig.

Áras an Uachtaráin

Seo spleáchadh ar thaobh istigh Áras an Uachtaráin.  An raibh a fhios agat gur féidir leis an bpobal cuairt a thabhairt ar Áras an Uachtaráin ar an Satharn, de ghnáth? Eisítear ticéid le dul isteach saor in aisce in Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce, Caisleán Bhaile an Ásaigh, ar an lá.

Áras an Uachtaráin - Scéal an Tí

Tógadh an teach, atá suite in 1,752 acra Pháirc an Fhionnuisce, gar do lár Bhaile Átha Cliath, sa bhliain 1751.  Faoin mbliain 1782, bhí sé in úsáid ag Fir Ionaid an Rí, a bhí freagrach as cur i bhfeidhm dhlí na Breataine in Éirinn.

Cad a d'fhoghlaim tú?

Freagair na ceisteanna faoin Uachtarán reatha chun d'eolas a thástáil.

{{question.title}}

{{question.text}}


Torthaí

Scór iomlán: {{score()}} / {{quiz.questions.length}}