Eolas

Eolas

Faisnéis Eagraíochta

Cé muid féin

Tá foireann státseirbhíseach agus daoine eile atá ceaptha go pearsanta ag an Uachtarán i dteaghlachas an Uachtaráin.

Cé leis a mbímid ag obair

Tugann Tithe an Oireachtais, Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí Stáit tacaíocht ar bhealaí éagsúla d’Áras an Uachtaráin agus d’Oifig an Uachtaráin. Tugann baill foirne Oifig na nOibreacha Poiblí, Óglaigh na hÉireann agus An Gharda Síochána, atá lonnaithe in Áras an Uachtaráin, tacaíocht d’obair an Uachtaráin chomh maith. 

Céard a chosnaíonn sé

Bhí luach €3.8 milliún ar chostais dhíreacha Oifig an Uachtaráin in 2022. 

San fhigiúir seo tá íocaíocht €1.25 milliúin Dheontas do dhaoine atá in aois a gcéid san áireamh, a íocadh do 476 saoránach Éireannach i mbaile agus i gcéin a raibh céad bliain slánaithe acu. Bhí costas €1.91 milliún ar fhoireann 24 oibrí in Áras an Uachtaráin. Le fáil sa chuntas leithghabhála seo, a mbíonn tuarascáil iniúchóra bliantúil foilsithe air ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, dála cuntais uile na Ranna éagsúla, tá sonraí maidir le costais reatha Oifig an Uachtaráin. 

Tá sonraí na gcostas a bhaineann le Ranna Rialtais agus Comhlachtaí Stáit eile, a chuireann tacaíocht agus seirbhísí coimhdeacha ar fáil d’Oifig an Uachtaráin, san áireamh chomh maith.  Is faoi na Ranna agus na Gníomhaireachtaí éagsúla atá sé soláthar na seirbhísí tacaíochta seo a chur ar fáil d’Oifig an Uachtaráin (m.sh. Slándáil na nGardaí, cothabháil OPW an Árais srl).

Níl smacht ar bith ag Oifig an Uachtaráin ar chinntí maidir le scála an chaiteachais úd.

Tá tuilleadh sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

Oifig an Uachtaráin

Costais do 2022 (€)

Ranna agus Comhlachtaí Stáit eile a chuireann tacaíocht ar fáil d’Oifig an Uachtaráin

Costais do 2022 (€)

Feidhm

Tuarastail, pá agus liúntais (24 ball foirne)

1,909,000

Oifig na nOibreacha Poiblí

894,000

1,036,000

233,000

Costais Foirne OPW                                   

Cothabháil réadmhaoine                    

Leictreachas agus gás

 

Deontas do dhaoine atá in aois a gcéid (476 saoránach sa bhaile agus thar lear a shlánaigh 100 bliain)

1,246,000

Garda Siochana

229,000

 

Taisteal agus costais chothaithe

104,000

An Roinn Cosanta

486,000

 

 

Traenáil agus Forbairt 

7,000

An Roinn Gnóthaí Eachtracha

110,000

 

Seirbhísí Gairmiúla, Comhairleachta agus eile

 

185,000

Lárchiste

960,000

 

Caiteachas Oibriúcháin

270,000

Oifig an Aire Airgeadais

12,000

Costais sócmhainne agus trealaimh

32,000

Aoisliúntas agus Liúntais Scortha

762,000

Costais áitreabh agus lóistín

2,000

Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte

72,000

Costais Cumarsáide agus Margaíochta  74,000

Oifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais

64,000
Leithghabháil chabhrach -110,000    

IOMLÁN

3,719,000

IOMLÁN

4,858,000