Rinne Gluaiseacht Taistealaithe Uibh Fhailí comóradh ar 20 bliain a bunaithe i mí Dheireadh Fómhair 2016. Oibríonn an eagraíocht, a bunaíodh in 1996, ar son chearta an Lucht Siúil, an chomhionannais agus an cheartais shóisialta.
Labhair Saidhbhín Uí Uigínn faoi na deacrachtaí atá roimh an Lucht Siúil in Éirinn nuair a chuir Lily Ward, Cathaoirleach Ghluaiseacht Taistealaithe Uibh Fhailí, i láthair í. Luaigh Lily Ward gur thacadóirí láidre don lucht siúil a bhí san Uachtarán agus a bhean chéile ar feadh na mblianta.