
Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh bhaill den "Birmingham Irish Cycle Appeal" chuig Áras an Uachtaráin.
Is eagraíocht dheonach é an Birmingham Irish Cycle Appeal (BICA) a bunaíodh agus atá á stiúradh ag baill de phobal na hÉireann i mBirmingham. Tá os cionn £1 mhilliún bailithe ag BICA do go leor carthanas ar fud na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe.
I mbliana, rachaidh an grúpa ar thuras 600 míle ó Chlochán an Aifir go Caisleán na Blarnan.