
Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh an Dr. John Kennedy chuig Áras an Uachtaráin ar chuairt chúirtéise.
In 2024, chuir an Dr Kennedy dearlaic ar fáil d’Ollscoil Mhanchain chun comóradh 200 bliain a dhéanamh uirthi chun sraith léachtaí bliantúla san Ollscoil a éascú. Thug an tUachtarán Ó hUigínn an t-aitheasc tionscnaimh sa tsraith seo i mí Aibreáin 2024 le léacht dar teideal ‘Of the consciousness our times need in responding to interacting crises and the role of Universities as spaces of discourse in facilitating it’.