Fáiltíonn an tUachtarán roimh Lee Nak-yeon, Uasal, Príomh-Aire na Cóiré, ar chuairt chúirtéise

Lua 28th Bea, 2018 | 10:15
suíomh: Áras an Uachtaráin
Fáiltíonn an tUachtarán roimh Lee Nak-yeon, Uasal, Príomh-Aire na Cóiré, ar chuairt chúirtéise

Chuir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn fáilte roimh Phríomh-Aire Phoblacht na Cóiré, an tUasal Lee Nak-yeon.

Bhí sé seo ar an gcéad chruinniú ardleibhéil ó ionadaí na Cóiré le os cionn cúig bliana agus ar an gcéad uair ó 1990 a thug Príomh-Aire ón gCóiré cuairt ar Éirinn.

Thapaigh an tUachtarán agus an Príomh-Aire an deis chun na ceangail fhadbhunaithe agus sheasmhacha idir muintir na hÉireann agus muintir na Cóiré a athdhearbhú, agus chun raon leathan ceisteanna a bhaineann leis an gcaidreamh déthaobhach idir Éire agus An Chóiré, ceangail na hÉireann le stair na Cóiré, forbairtí ar leithinis na Cóire le gairid, agus fadhbanna domhanda, an t-athrú aeráide ina measc, a phlé.