Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh A. Sh. An tUasal Cord Meier-Klodt, Ambasadóir na Gearmáine, ar chuairt chúirtéise le slán a fhágáil.
Ar theacht chun na hÉirinn dóibh, sula dtabharfar faoina ndualgas, caithfidh Uachtarán na hÉireann fáilte oifigiúil a chur roimh na hAmbasaadóirí nua. Bíonn na hAmbasadóirí creidiúnaithe go hoifigiúil d’Éirinn ón am a ghlacann an tUachtarán lena gCreidiúnais.
Ag deireadh a seala, tugann an tUachtarán cuireadh do na hAmbasadóirí teacht ar Chuairt Chúirtéise go hÁras an Uachtaráin, lena bhuíochas a ghabháil leo as a gcuid oibre, le cloisteáil uathu faoina dtaithí in Éirinn agus le tuairimí na nAmbasadóirí ar cheisteanna faoi leith a mbaineann lenár gcúrsaí déthaobhacha a phlé sula n-imíonn siad ón oifig.