Dé Mairt 25 Meitheamh 2024, d’óstáil an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn an cheathrú cóisir ghairdín de chuid na sraithe in Áras an Uachtaráin an samhradh seo.
Labhair an tUachtarán ar obair na ndaoine seo le feabhas a chur ar bheatha daoine eile, trí thacaíocht agus lámh chúnta a thabhairt.
Is é céad Uachtarán na hÉireann, Dubhghlas de hÍde, a chuir tús le traidisiúin na gCóisirí in Áras an Uachtaráin. Gach bliain, cuirtear fáilte roimh bhaill an phobail agus roimh urlabhraithe eagraíochtaí fud fad na hÉireann go hÁras an Uachtaráin ag sraith Chóisir Ghairdín.