Fáiltíonn an tUachtarán roimh Adam Kelly, Buaiteoir sa Chomórtas d’Eolaithe Óga BT 2019

Mái 26th Sam, 2019 | 16:00
suíomh: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

(Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

Tuesday, 26th November, 2019

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Adam Kelly, Buaiteoir sa Chomórtas d’Eolaithe Óga BT 2019

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh Adam Kelly chuig Áras an Uachtaráin.

Bhuaigh Adam Kelly, ó Choláiste Pobail na Sceirí,Taispeántas BT an Eolaí Óig agus na Teicneolaíochta agus ina dhiaidh sin bhuaigh sé an 31ú Comórtas AE d’Eolaithe Óga; ba é an aidhm lena thionscadal uirlis a fhorbairt chun an t-algartam is fearr a roghnú chun ciorcaid candaim a ionsamhlú. 

Tá Adam tar éis a bheith ag obair, lena chomhdhaltaí Sam Enright, Clíodhna O'Reardon agus Evanna Niall, ar thionscadal a dhéanann iniúchadh ar bhealaí le barra a fhás sa spás. Roghnaíodh tionscadal na foirne i gcomhair tástálacha ar ‘eitilt mhicrea-dhomhantarraingte'.