Chuir an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn tae beag ar fáil mar chuid d’fháiltiú roimh ghrúpaí gníomhaíochta lucht scoir ó gach cearn den tír.
Tríd an bhfáiltiú a chur ar siúl, thug an tUachtarán agus Saidhbhín aitheantas do dhaoine de gach aois agus faoi gach cúinse atá ag obair chun dlúthpháirtíocht agus comhtháthú a chur chun cinn inár dtír.
Ó insealbhaíodh é, tá iarracht dhiongbháilte déanta ag an Uachtarán Ó hUigínn cuireadh a thabhairt don líon is mó ball de ghrúpaí deonacha agus pobail arbh fhéidir chuig an Áras.
Thug níos mó ná 20,000 duine cuairt ar Áras an Uachtaráin anuraidh.