Rinne an tUachtarán Ó hUigínn Comórtas d’Eolaithe Óga an AE (CEOAE) a oscailt go hoifigiúil, taispeántas bliantúil den saothar is fearr eolaíochta atá déanta ag daltaí na hEorpa.
Beidh sé ar siúl i mBaile Átha Cliath idir 14 – 19 Meán Fómhair, agus beidh 139 dalta ó 38 tír éagsúil ag cur i láthair 90 tionscadal.
Tá an chéad duais buaite ag rannpháirtithe CEOAE i gcomórtais eolaíochta a dtíre dúchais roimhe seo; in Éirinn, is é an comórtas Taispeántas na nEolaithe Óga agus na Teicneolaíochta de chuid BT atá i gceist, agus is é an tUachtarán Ó hUigínn a osclaíonn é ag tús gach bliana.
(Cliceáil anseo chun tuilleadh sonraí a fháil faoi Thaispeántas na nEolaithe Óga agus na Teicneolaíochta, agus anseo chun eagrán na bliana 2017 a fháil).