Tá Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe, EOECNA, tar éis an chéad Déardaoin de Shamhain gach bliain a fhógairt mar ‘Lá Idirnáisiúnta in aghaidh an Fhoréigin agus na Bulaíochta ar Scoil, an Chibearbhulaíocht san áireamh’.
Tarraingíonn an Lá Idirnáisiúnta nua sin aird ar an bhforéigean scoilbhunaithe de gach cineál, agus tugann sé aitheantas gur sárú cearta páistí agus ógánach maidir lena n-oideachas agus a bhfolláine atá sa bhulaíocht.
Ar feadh a uachtaránachta tá aird tarraingthe ag an Uachtarán Ó hUigínn ar thionchar millteach an fhoréigin agus na bulaíochta, agus na meáin shóisialta san áireamh. Tá sé ráite ag an Uachtarán go mbíonn tionchar millteach ag na cineálacha foréigin sin ar shaol daoine agus go mbaineann siad a ndínit uathu.
Is féidir leat aitheasc an Uachtaráin a léamh nó a chloisteáil trí chliceáil ar na táib Fuaime, Óráid, nó Físeáin thuas.
Imeachtaí bainteacha:
- Cuireann an tUachtarán fáilte roimh ionadaithe Fhóram Domhanda na Frithbhulaíochta (2019)
- Tugann an tUachtarán cuairt ar Choláiste Naomh Eoin (2017)
- Tugann an tUachtarán cuairt ar Choláiste San Doiminic (2017)
- Déanann an tUachtarán óstáil ar imeacht “HeForShe” (2016)
- Óráid ag comhdháil bhliantúil Chumann na hÉireann um Eolaíocht an Fhéinmharaithe (2015)
- Tugann an tUachtarán aitheasc do Líonra Príomhoidí Bunscoileanna na hÉireann (2013)