Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Deir an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn leis na Príomhoidí Bunscoile nach mór don mheabhairshláinte agus don fholláine a bheith

Dáta: Céa 2nd Ean, 2013 | 15:12

Ina aitheasc a thug sé do bhreis is 1,000 príomhoide bunscoile ag comhdháil bhliantúil Líonra Príomhoidí Bunscoile Éireann san Iarthar Cathrach ar maidin, luaigh sé a thábhacht atá sé an mheabharshláinte agus an fholláine a chur chun cinn i gcomhthéacs na bunscoile.

“’Sna blianta bunscoile is ea nach mór meabhairshláinte mhaith a aimsiú agus féinmheas dearfa agus cumais fhadhbréitigh a chothú i measc an óige agus tá ról criticiúil le himirt ag an timpeallacht scoile i gcur chun cinn na folláine meabhrach sin” a dúirt sé.

Ag leanacht air dúirt an tUachtarán gur mó i bhfad a bhí i gceist le folláine tíre ná a feidhmíocht eacnamaíochta amháin: gurbh aidhm chuí ag an oideachas í, agus gurbh fhíorthomhas é ar thír ar cás léi meabhairshláinte a cuid saoránach, go mbeadh an cumas ag daoine dáimh a bheith acu lena chéile mar comhshaoránaigh chothroma, agus gur mhór leo a sláinte chomroinnte agus a dtimpeallacht nádúrtha”.

Ag tabhairt aghaidh dó ar shaincheist na cibearbhulaíochta dúirt sé gur mhinic a leathnaigh an bhulaíocht i bhfad amach ó theorainn chlós na scoile féin, rud a d’fhág doiléir an líne dheighilte sin ar laistiar di nó thairsti is féidir nó nach féidir leis an bpríomhoide dul i dtreis leis.”

Chuir an tUachtarán Ó hUiginn in iúl a mhéid ba chás leis torthaí an tsuirbhé ar Phríomhoidí na hÉireann a rinne Líonra Príomhoidí Bunscoile Éireann, is suirbhé a léirigh gur thuairiscigh príomhoide amháin as gach cúigear go raibh níos mó paistí ag teacht chun na scoile agus ocras orthu an t-am ar fad. Ag tarraingt dó ar a chuairteanna ar scoileanna, agus Coláiste Naomh Mainchín i Luimneach á lua mar shampla aige, dúirt sé gurbh í toil mhuintir na hÉireann nach mbeadh ar aon pháiste dul ar scoil agus ocras air nó uirthi.

Mhol an tUachtarán muinteoirí an lae inniu a bhí ag obair i ndálaí nua-aimseartha agus a bhí ag tabhairt rud úr isteach ina gcuid feidhmíochta agus ag tabhairt comhbhá isteach chomh maith, agus dúirt sé go raibh sé á adhmáil ag gach Príomhoide Scoile faoi seo, agus go raibh sé féin cinnte de, gurbh fhearr oideolaíocht an chúraim ná oidéolaíocht na heagla agus nach raibh áit ar bith don údarásaíochas in aon chomhthéacs scoile dár gcuid;  go raibh na scoileanna anois níos daonlathaí trí pháirteachas na dtuismitheoirí, na bpáistí agus an phobail. Agus maidir le hoideachas ár bpáistí dúirt sé gurbh é cur chuige an chumasaithe agus an chothaithe an fachtóir is tabhachtaí chun a chur ar a gcumas bheith ina saoránaigh a mbeadh neamspeáchas intinne acu, ach a bheadh fós ina saoránaigh dhaonlathacha a bheadh eolasach freagrach go sóisialta agus nach mbeadh eaglach, ach a bheadh misnithe chun ceisteanna a chur, chun smaointeoireacht chriticiúil a dhéanamh agus chun na féidearthachtaí agus na modhanna a cheapadh trína n-aimseofaí sochaí níos fearr agus níos cothroime.”

Leag an tUachtarán Ó hUiginn an bhéim ar a thábhacht atá sé go mbíonn an tsaoirse ag múinteoirí oibriú le páistí i gcáil chruthaitheach, a rá gur féidir le gníomhaíochtaí seach-churaclaim ar nós gníomhaíochtaí spóirt, cóir agus leiriúcháin drámaíochta, clubanna iar-scoile, obair ar mhaithe leis an bpobal áitiúil agus an oiread gníomhaíochtaí eile, suimeanna a dhúiseacht sa duine óg nár thangthas orthu roimhe sin.”

Ag labhairt dó faoi atmasféar nua ilchultúrtha ár scoileanna dúirt an tUachtarán freisin go rabhamar, fiú gan na deacrachtaí déanacha sa gheilleagar seo ’gainne a lua, tar éis a bheith ag éabhlóidiú agus ag athrú go tapaidh le blianta beaga anuas agus go raibh athrú suntasach tagtha freisin ar chúlra eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha na ndaltaí a bhí ag freastal ar scoileanna na hÉireann, agus gur saibhride muid é agus táipeis nua á fí againn dár dtodhchaí i gcomhpháirt.