Seolann an tUachtarán Seachtain na Gaeilge 2021

Lua 1st Már, 2021 | 20:00

Monday, 01st March, 2021

Seolann an tUachtarán Seachtain na Gaeilge 2021

Sheol an tUachtarán Seachtain na Gaeilge 2021, le hóráid speisialta.

Cliceáil ar na táib Fuaime nó Físeáin chun éisteacht le haitheasc an Uachtaráin, nó cliceáil anseo chun í a léamh.

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus in go leor tíortha eile gach bliain.

Tá a théarma oifige úsáidte ag an Uachtarán Ó hUigínn chun an Ghaeilge a chur chun cinn. I rith a shaol gairmiúil, thacaigh an tUachtarán Ó hUigínn leis an nGaeilge agus bhí sé ar dhuine de thiománaithe taobh thiar de bhunú Teilifís na Gaeilge, TG4 mar atá anois. 

Dúirt an tUachtarán Ó hUigínn gur Uachtaránacht Smaointe a bheadh aige, uachtaránacht báúil don teanga, do choincheapa agus do thoimhdí neamhráite. Ó shin, léirigh sé áit lárnach na Gaeilge inár stair agus inár gcultúr go minic, agus spreag sé daoine go leanúnach chun an teanga a labhairt, fiú mura bhfuil acu ach ‘cúpla focal’. 

Cé go bhfuil sé tábhachtach an teanga a chaomhnú, spreagann an tUachtarán an dátheangachas agus ‘Gaeltachtaí’ praiticiúla a chruthú – i dtithe, scoileanna agus i measc cairde. 

Ina óráid in 2016 ‘Gaeilge sa Ghairdín’, dúirt an tUachtarán go bhfuair ceannairí Éirí Amach 1916 inspioráid ó fhís Éire neamhspleách a raibh a teanga á labhairt agus á scríobh, agus go raibh cúigear den seachtar a shínigh an Forógra gníomhach i gConradh na Gaeilge.  

Ina aitheasc ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge 2016, d’aithin an tUachtarán Ó hUigínn na deacrachtaí a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge, ach léirigh sé an dul chun cinn atá á dhéanamh agus an fás sa suim atá ag daoine sa teanga.

Ina óráid ag ceiliúradh comóradh 20 bliain de TG4, thug an tUachtarán aitheantas don stáisiún teilifíse mar mhodh chun naisc a chothú idir na pobail scaipthe a úsáideann an Ghaeilge. 

 

Imeachtaí bainteacha: