Seolann an tUachtarán comhpháirtíocht nua idir Mainistir na Coille Móire agus Áras an Uachtaráin

Lua 31st Bea, 2021 | 15:00
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Monday, 31st May, 2021

Seolann an tUachtarán comhpháirtíocht nua idir Mainistir na Coille Móire agus Áras an Uachtaráin

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh fhoireann Mhainistir na Coille Móire go hÁras an Uachtaráin, nuair a thug siad leo dhá chapaillín Chonamara le tús a chur lena dtréimhse ceithre mhí i mbanrach Áras an Uachtaráin.

Beidh an capaillín Chonamara, agus a searrach – ar thug an tUachtarán Aimhirgin uirthi – ar féarach ar thailte an Árais mar chuid de chlár oibre le bithéagsúlacht an tsuímh 130-acra a fheabhsú. Eascraíonn an socrúchán seo ó mholtaí a rinneadh i dtuarascáil iniúchóra bithéagsúlachta, coimisiúnaithe ag an Uachtarán Ó hUigínn, le plean caomhnaithe a fhorbairt do thailte Áras an Uachtaráin.

Thug an Tuarascáil Iniúchóra um Bithéagsúlacht seo, ar thug eolaithe Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath fúithi, roinnt moltaí faoi thodhchaí bainistíochta inbhuanaithe thailte an Árais. Ceann de phríomh-mholtaí na tuarascála seo ná go gcuirfear córas féaraigh i bhfeidhm, ar mhaithe le bithéagsúlacht chluainte thailte an Árais a fheabhsú. Is í an aidhm atá leis seo ná éagsúlacht níos leithne a chur chun cinn i gcás bláthanna fiáine agus plandaí, mar aon leis an bhfána a bhraitheann ar ilchineálacht an fhlóra a mhéadú.  

Tá 80% de na tailte 130-acra timpeall an Árais rangaithe mar ‘ghnáthóg nádúrtha’, le ceithre ghnáthóg nádúrtha déag ar leith. D’aithin an tuarascáil 297 speiceas dhifriúla de phlandaí, 247 speiceas d’inveirteabraigh, 188 cineál fungais, 51 speiceas d’éan agus 18 speiceas dhifriúla de mhamach, ina measc sionnaigh, broic, sciathán leathair agus dallóga fraoigh.

Ba é tátal na Tuarascála Iniúchóra ná cé go bhfuil bainistíocht reatha na talún braiteach do riachtanais bhithéagsúlachta, bheadh buntáistí ann caighdeán na  bhféarthailte leathnádúrtha a fheabhsú, agus tuilleadh gnáthóg bogach a chruthú. Cuidíonn an innilt ar dhéine íseal ó chapaill agus eallach araon le fásra ar thalamh féaraigh agus filleadh na gcothaitheach san ithir a ísliú, mar aon leis na coinníollacha cuí a chruthú do phéacadh luibheanna leathanduilleacha.

Is féidir an tuairisc, agus cuid dá cúlra, a léamh anseo.

Tógann an chomhpháirtíocht seo ar shean-socrúchán a théann siar go haimsir Uachtarán Childers, nuair a bhronn sé tréad chapaillín Chonamara folaíochta ar an Stát in 1974. Ba de shliocht na gcapaillíní sin ón Uachtarán Childers iad na capaill atá lonnaithe i bPáirc Náisiúnta Chonamara faoi láthair. Ag an am, bhí grúpa chapaillín Chonamara ag iníor ar thailte Áras an Uachtaráin.