Dinnéar ar scáth an Uachtaráin do ghaolta na nÍospartach a maraíodh le linn Buamála Bhirmingham in 1974

Céa 2nd Dei, 2019 | 18:00
suíomh: (Dublin) Áras an Uachtaráin

(Dublin) Áras an Uachtaráin

Wednesday, 02nd October, 2019

Dinnéar ar scáth an Uachtaráin do ghaolta na nÍospartach a maraíodh le linn Buamála Bhirmingham in 1974

D’óstáil an tUachtarán Ó hUigínn ócáid do theaghlaigh atá i mbun feachtais ar son an chirt i dtaca le híospartaigh bhuamála Birmingham, agus d’ionadaithe Ionad Síochána agus Athmhuintearais Ghleann Crí.

Tar éis na hócáide, thug an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn cuireadh do chlanna na n-íospartach Clog na Síochána in Áras an Uachtaráin a bhualadh.

I mí Feabhra na bliana seo, thug an tUachtarán Ó hUigínn ómós d’íospartaigh bhuamála theach tabhairne Birmingham  agus a gclanna nuair a thug sé cuairt ar leacht cuimhneacháin nua na cathrach. Níos deireanaí, i mBealtaine na bliana seo, thug an tUachtarán cuireadh do Phrionsa na Breataine Bige agus Bandiúc Chorn na Breataine chuig Gleann Crí chun foghlaim faoi obair an ionaid.