D'óstáil a tUachtarán agus Saidhbhín fáiltiú ag Áras an Uachtaráin don fhoireann líne thosaigh agus d’oibrithe deonacha atá ag obair le tacú le daoine gan dídean.
Gach bliain, déanann an tUachtarán agus Saidhbhín Ó hUigínn ceiliúradh ar Lá Fhéile Pádraig le fáiltiú a óstálann siad do ghrúpaí agus daoine a bhfuil ranníocaíocht ar leith déanta acu do shochaí na hÉireann.
Anuraidh, d’úsáid an tUachtarán fáiltiú Lá Fhéile Pádraig chun ómós a léiriú do dhaoine a bhfuil orgáin tugtha acu, mar aon le faighteoirí na n-orgán agus an pearsanra leighis a bhí páirteach sna hobráidí trasphlandaithe. In 2017, díríodh i bhfáiltiú Lá Fhéile Pádraig ar éachtaí na mban a oibríonn i réimsí na heolaíochta agus na teicneolaíochta, agus an bhliain roimhe sin, thug an tUachtarán ómós do Sheirbhís Cabhlaigh na hÉireann as an obair a rinne siad chun daoine a shábháil na Meánmhuir.
Labhair an tUachtarán faoi dhaoine gan dídean go minic cheana, lena n-áirítear in go leor dá Theachtaireachtaí Nollag agus ag na himeachtaí seo:
- Aitheasc ón Uachtarán ag Féile Ealaíon na Gaillimhe, 2018
- Comhdháil Bhliantúil ag Ceartas Sóisialta Éireann arna hoscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán, 2017
- Cuairt an Uachtaráin ar Bhrú na bhFiann – Áras d’iar-chomhaltaí Óglaigh na hÉireann, atá gan dídean, 2016
- Tugann an tUachtarán aitheasc ag Comhdháil 20 bliain Common Cents de chuid Chlann Credo, 2016
- Tugann An tUachtarán aitheasc ag ócáid aitheantais don Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú na Bochtaineachta, 2016
- Seimineár Náisiúnta – An Tionscnamh um Eitic ag Uachtarán na hÉireann, 2015
- Óráid ag Cé na gCeannaithe, Éire, 2015
- Óráid ag oscailt áis Chóiríochta do Dhaoine gan Dídean ag Halla Chill Mhantáin, 2014
- Tuairimí ar chuairt a thabhairt ar Habitat for Humanity Ireland ag athchóiriú tithe in Inse Chór, 2012