Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an t-aitheasc oscailte ag an 32ú cruinniú comhairle idirnáisiúnta de chuid Amnesty International i mBaile Átha Cliath.
Ina aitheasc, thug an tUachtarán aitheantas do shaothar eagraíochtaí chearta an duine agus labhair sé faoi fhreagra an AE ar ghéarchéim na n-imirceach sa Mheánmhuir, agus dúirt sé gur lagaigh a teip “ní hamháin idéal an AE, ach seans ar bith a bhí ann go mbeadh an t-aontas sin ina eiseamláir don dlí idirnáisiúnta agus a ionstraimí”.
Is féidir leat aitheasc an Uachtaráin a léamh, nó éisteacht le sleachta ón aitheasc, trí chliceáil ar an nasc thíos.