Cuireann an tUachtarán Connolly fáilte roimh an tOllamh Jeffrey Sachs ar chuairt chúirtéise

Céa 4 Már, 2026 | 10:30
suíomh: Áras an Uachtaráin
Cuireann an tUachtarán Connolly fáilte roimh an tOllamh Jeffrey Sachs ar chuairt chúirtéise

Chuir an tUachtarán Connolly fáilte roimh an tOllamh Jeffrey Sachs ar chuairt chúirtéise in Áras an Uachtaráin.

Is é an tOllamh Sachs Stiúrthóir an tIonad um Fhorbairt Inbhuanaithe in Ollscoil Columbia. Tá sé ar chuairt in Éirinn mar chuid den tSraith Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha Development Matters.

Is sraith léachtaí seanbhunaithe de chuid an IIEA é Development Matters, atá urraithe ag Irish Aid, a dhéanann iniúchadh ar saincheisteanna criticiúil i bhforbairt idirnáisiúnta.