D’fhreastal an tUachtarán Connolly ar Lá Speisialta do Ghaelscoileanna ag an ESB Science Blast
Is clár oideachais STEM é ESB Science Blast, forbartha agus stiúraithe ag an gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath, chun fiosracht agus cruthaitheacht i STEM a spreagadh i measc daltaí bunscoile.
Is í Lá Speisialta do Ghaelscoileanna lá atá tiomnaithe d’oideachas lán-Ghaeilge a cheiliúradh agus don Ghaeilge a chur chun cinn trí eolaíocht.
