Chuir an tUachtarán Connolly fáilte roimh an Ardeaspag Luis Mariano Montemayor chuig Áras an Uachtaráin ar chuairt chúirtéise.
Chuaigh a Shoilse Ardeaspag Montemayor ar scor mar Nuinteas Aspalda go hÉirinn ar an 11 Iúil, nuair a ghlac a Naofacht an Pápa Leo XIV lena éirí as.
Cheap an Pápa Francis, nach maireann, an tArdeaspag Montemayor ina Nuinteas Aspalda go hÉirinn ar an 25 Feabhra 2023.
