An tUachtarán i láthair ag Searmanas Comórtha Dhomhnach Cásca

Dom 12th Aib, 2020 | 01:00
An tUachtarán i láthair ag Searmanas Comórtha Dhomhnach Cásca

Ar Dhomhnach Cásca rinne cuimhneachán ar fhir agus ar mhná 1916, ní trí shearmanais a mbeidh an pobal i láthair acu, ach trí imeacht a chraolfar ar theilifís ag meán lae.

Bhí an searmanas ar siúl in Áras an Uachtaráin agus in Ard-Oifig an Phoist, ceanncheathrú na gceannairceach le linn Éirí Amach 1916.

Chuir tús leis an searmanas nuair a bhuail an tUachtarán Ó hUigínn Clog na Síochána in Áras an Uachtaráin agus ina dhiaidh sin rinne paidir agus léigh an Forógra.

Lean an tUachtarán Ó hUigínn fleasc os comhair grúpa 16 chrann beithe, a chuir an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín in onóir na gceannairceach a cuireadh chun báis tar éis Éirí Amach 1916. Bhí nóiméad ciúnais ann i ndiaidh leagan na fleisce, chun comóradh a dhéanamh orthu siúd a fuair bás in Éirí Amach na Cásca chomh maith leo siúd a fuair bás de bharr phaindéim COVID19.

 

 

In 2016, bhí an tUachtarán Ó hUigínn ar cheann sraith imeachtaí comórtha i dtace le hÉirí Amach 1916. D’fhoilsigh an Rialtas rogha óráidí an Uachtaráin a thug sé le linn na bliana comórtha. Tá 35 óráid de chuid an Uachtaráin Uí Uigínn in ‘Ceiliúradh agus Comóradh Céad Bliain 1916 – 1916 Centenary Commemorations and Celebrations’. Tugadh iad ar fud na hÉireann thar thréimhse 2 bhliain, agus cuimsíonn siad imeachtaí áitiúla agus náisiúnta araon le linn 2016, príomhbhliain an chomórtha céad bliain. 

Tá an leabhar ar fáil ó Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais, agus le híoslódáil ar líne (saor in aisce).