Lasann an tUachtarán agus Sabina solas dhlúthchomhair

Sat 11th Aib, 2020 | 21:00
Lasann an tUachtarán agus Sabina solas dhlúthchomhair

Ghlac an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn páirt san fheachtas 'Shine Your Light' / 'Lonraigh Do Sholas' agus laindéir á lasadh acu mar shiombail an dóchais agus an dlúthchomhair.

Las an tUachtarán agus Saidhbhín laindéir ar son na ndaoine sin go léir atá breoite, iad siúd a fuair bás agus na daoine muinteartha atá fós linn.

 

 

Go pointe áirithe, ba é dán an Uachtaráin a foilsíodh in 1992, "Take Care" a spreag an tionscnamh #LonraighDoSholas.

Is féidir leat an dán a léamh anseo, nó éisteacht leis an Uachtarán ag aithris an dáin anseo.