
Cheap an tUachtarán Ó hUigínn Emily Logan mar Ombudsman na bPóilíní ag searmanas in Áras an Uachtaráin.
D’ainmnigh an Rialtas Emily Logan mar Ombudsman nua na bPóilíní faoi reachtaíocht a ritheadh in 2024.
Ainmníodh í don ról tar éis comórtas oscailte a chuir an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar siúl.