Déanfaidh an tUachtarán Ó hUigínn comóradh ar Lá Cuimhneacháin Idirnáisiúnta na nOibrithe

Mái 28th Aib, 2020 | 11:00
Déanfaidh an tUachtarán Ó hUigínn comóradh ar Lá Cuimhneacháin Idirnáisiúnta na nOibrithe

Rinne an tUachtarán Ó hUigínn comóradh ar Lá Cuimhneacháin Idirnáisiúnta na nOibrithe.

Ag searmanas a tharraingíonn aird ar an tábhacht a bhaineann le gach oibrí a choimeád sábháilte agus folláin, leag an tUachtarán fleasc i gcuimhne ar na daoine go léir a fuair bás de bharr phaindéim Covid-19.

Bhí ionadaithe na n-oibrithe a dhéanann cúram díobh siúd is mó a bhíonn buailte agus atá chun tosaigh sna hiarrachtaí leis an bpaindéim a shrianadh i láthair ag an searmanas.

Bhí an searmanas ar siúl ag leacht cuimhneacháin “An Camchéachta agus na Réaltaí”, a dhéanann comóradh ar an bhFrithdhúnadh Mór in 1913.

Léigh tuilleadh faoin leacht cuimhneacháin anseo.