Ar an 29 Eanáir, thug an tUachtarán Ó hUigínn aitheasc traidisiúnta na hAthbhliana do bhaill an chóir taidhleoireachta. Gach Eanáir, cuireann an tUachtarán fáiltiú ar siúl i gcomhair na nAmbasadóirí agus na n-ionadaithe consalacha as na tíortha iomadúla a bhfuil caidreamh taidhleoireachta acu le hÉirinn, agus labhraíonn sé leo faoi thábhacht na taidhleoireachta idirnáisiúnta agus an mheasa ar chearta an duine. Ina aitheasc, labhair an tUachtarán faoi stair taidhleoireachta na hÉireann agus faoin bhfreagairt idirnáisiúnta atá riachtanach chun dul i ngleic leis na dúshláin dhomhanda.
Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin agus Sabina ag an gCór Taidhleoireachta
suíomh: Áras an Uachtaráin
Áras an Uachtaráin
Tuesday, 29th January, 2019